EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
set1, s. 1 Foireann f. a Foireann (uirlisí, gréithe, etc.); leagan m (gréithe); sraith f (leabhar). Set of knives, cur m scian. Set of furniture, cóir throscáin. Toilet set, feisteas m maisiúcháin. Set of fire-irons, foireann m teallaigh. Set of teeth, cíor fhiacal. Generating set, grúpa m gineadóireachta. Com: Bill drawn in a set of three, bille ina thrí cóipeanna, b Wireless set, gléas m craolacháin, craolachán m. c Ten: Sraith f (cluichí). d Dream m -a, drong f. A magnificent set of men, foireann bhreá fear. Set of thieves, baicle f gadaithe. Literary set, aicme f liteartha. The smart set, lucht m na galántachta. We don't move in the same set, ní thaithíonn muid an tréad céanna. e Set (dance), teaghais f rince. 2 a Poet: At set of sun, le luí gréine b Ven: (Of dog) Luíochán m, stiúir f -rach. F: To make a set at s.o., (i) aghaidh do bhéil a thabhairt ar dhuine; (ii) (of woman) beartú le fear a cheapadh. c Hairdr: Cur m (gruaige) i gcóir, feistiú m (gruaige). 3 a Buanchlaonadh m (cláir); stiúir f (hata); luí m (triopall éadaigh); crochadh m (guaillí). Set of a saw, slí f sáibh. Nau: Set of the sails, suí m na seolta. b Treo m (an tsrutha); aird f (na gaoithe). 4 a Hort: Sáiteán m, steafóg f. b (Paving-)set, bloc m pábhála. c Th: Cin: Láithreán m. 5 a Saw-set, eochair f sáibh. b Cold set, fuarshiséal m gabha. 6 Mth: Tacar m.
set2, I v.tr. 1 a Cuirim, suím. To set s.o. at table, duine a chur ina shuí ag bord. To set a king on the throne, rí a chur i gcoróin. To set s.o. among the great writers, duine a áireamh ar na scríbhneoirí móra. He set his honour above money, ba mheasa leis a chlú na an t-airgead. b To set a hen, cearc a chur ar éillín. To set a clutch, ál a chur faoi chearc. 2 a Cuirim, leagaim (rud ar rud, os chomhair duine). To set one's glass on the table, do ghloine a fhágáil síos ar an mbord. Set it down here, leag anseo é. To set food on the table, bia a chur ar bord. To set a seal to a document, séala a chur le cáipéis. S.a. EYE1 1, HAND1 1, SPUR1 1. b I set my affections on her, thug mé gean dí. His affections are set on her, tá a chroí istigh inti; tá sé an-doirte di. S.a. HEART1 2 (c). 3 a To set chairs (for the company), cathaoireacha a shocrú (don chuideachta). b To set the table, an bord a ghléasadh, a réiteach (le haghaidh bia). 4 a To set a piano, piano a chur i dtiúin. b To set words to music, ceol a chur le focail. 5 a To set a stake in the ground, cuaille a chur, a shá, i dtalamh. b To set seeds, síolta a chur. 6 a To set the clock, an clog a shocrú. To set the alarm(-clock) for five, an clog a shocrú le bualadh ar a cúig. Av: To set the controls, an gléasra rialaithe a chur i bhfearas. b El.E: To set the brushes, na scuaibíní a shocrú. c To set a plane, plána a choigeartú. d To set one's head-dress, do cheannbheart a chóiriú. S.a. CAP1 1. To set the hair, duail a réiteach sa ghruaig; an ghruaig a fheistiú. 7 a To set a specimen, sampla a chur ar chlár. b Th: To set a scene, radharc a shuíomh. c To set a gem, seoid a neadú, a leabú. Ring set with rubies, fáinne atá buailte le rúibíní. Panes set in lead, pánaí daingnithe le luaidhe. Mec.E: To set the shaft in its bearings, an seafta a cheartú ar na himthacaí. d Nau: To set a sail, seol a chrochadh. (With) all sails set, faoi iomlán éadaigh. 8 To set a snare, dol a chur. 9 To set (the edge) of a razor, etc., béal a chur ar rásúr, etc.; rásúr, etc., a thabhairt chun béil. To set (the teeth of) a saw, slí a chur ar shábh. 10 To set type, cló a chur suas. 11 To set a date, a day, dáta a shocrú, ainm a chur ar lá. To set limits to sth., téarma a chur le rud. S.a. WATCH1 4. 12 To set a fashion, tús a chur le faisean, faisean a chur i réim. Row: To set the stroke, an buille a thabhairt. Nau: To set the course (on the chart), an cúrsa a rianú (ar an gcairt). 13 To set a bone, cnámh a chur ina háit, a dheisiú. 14 To set one's teeth, na fiacla a theannadh ar a chéile. 15 To let a jelly set, ligean do ghlóthach téachtadh, stalcadh. 16 To set s.o. on his way, duine a chur ar an mbóthar ceart. 17 a To set s.o. doing sth., duine a chur ag déanamh ruda. This incident set everybody's tongue wagging, bhain an eachtra seo caint mhór as gach duine. b To set sth. going, rud a chur ag obair, sa siúl. 18 To set a man to work, fear a chur ag obair, i mbun oibre. 19 To set a good example, dea-shampla a thabhairt. To set a problem, ceist a cheapadh. Sch: To set a book, leabhar a chur ar an gcúrsa. To set a paper, páipéar a cheapadh. II v.i. 1 a (Of sun) Luíonn, téann faoi. b (Of fame) Téann i léig. 2 (Of dress) To set well, luí go deas. 3 (Of broken bone) Táthaíonn, snaidhmeann. 4 (Of white of an egg. bloody jelly, etc.) Siocann, téachtann, stalcann 5 Ven: (Of dog) Déanann luíochán, cuireann stiúir air féin. 6 Danc: To set (to partners), damhsa os coinne a chéile. 7 The current has set southwards, tá an sruth ag luí ó dheas. F: The tide has set in his favour, tá an sruth leis anois. Opinion is setting that way, táthar ag teacht ar an tuairim sin. 8 To set to work, dul i mbun oibre; cromadh, luí isteach, ar obair.
set3, a. 1 a Set face, gnúis righin. Set smile, meangadh sioctha. S.a. FAIR2 I. 6. b Ar tinneall; (dol) curtha; (sprionga) ceaptha. Sp: (To runners) (Get) set! socair! To be all set, bheith ullamh, réidh. c Hard set, téachta, daingean. d The fruit is set, tá na torthaí déanta. 2 a Set price, luach socraithe. Set time, uair f atá socair, sprioc-am m. At set hours, ag uaireanta áirithe. Set purpose, rún daingean. S.a. PURPOSE1 1. b Set phrase, abairt f smolchaite; nath m -a. Set speech, óráid a chumtar roimh ré; óráid ar phatrún. c Th: Set scene, radharc suite. d Set task, tasc ceaptha. Everyone has his own set task, cuirtear obair áirithe ar gach duine. Sch: Set subject, ábhar m dualgais. The set books, leabhair an chúrsa. e Mec: Set screw, scriú m suite. 3 He is set on it, níl faoi ná thairis ach é; tá a chroí istigh ann; tá sé meáite air. To be dead set against sth., bheith go nimhneach in aghaidh ruda. Since you are set upon it, ón uair go bhfuil tú meáite air. His mind is set, tá rún daingean aige; tá sé socair ina intinn.
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To put, set, bring, call, sth. into action, rud a chur ar obair, ar siúl.
This rumour set the country aflame, chuir an scéal reatha seo an tír trí thine.
To set a ship afloat, long a chur chun na farraige; a chur ar an uisce.
I set him all agog, chuir mé fuadar faoi; F: chuir mé an tine ar an bpíopa aige.
To set s.o., sth., agoing, duine, rud, a chur ar obair.
To set sth. alight, rud a chur trí thine.
To set passengers ashore, paisinéirí a chur i dtír.
To set sth. astir, rud a chur ar obair, faoi shiúl.
He set the dog at him, chuir sé an madra ann, as.
The cat set up its back, tháinig colg ar an gcat.
To start, set, the ball rolling, an ceann a bhaint den scéal; tús a chur ar an obair.
The sun is set, tá an ghrian ina luí.
Set of bells (of church, etc.), foireann f clog.
There is no one to set beside him, níl aon duine atá inchomórtais leis.
To set sth. down in black and white, rud a chur i scríbhinn.
To set sth. in a blaze, rud a chur trí thine.
To set sth. bottom upwards, rud a chur bunoscionn; rud a chur béal faoi.
F: He set up his bristles, chuir sé cuil, colg, air féin.
To set up in business as a grocer, siopa grósaera a chur ar bun.
(Aside) To lay, put, set, sth. by, rud a chur i leataobh, i dtaisce.
F: She set her cap at him, chuir sí roimpi é a mhealladh.
Set of chess-men, foireann f fichille.
To set up a claim, éileamh a chur chun cinn.
He is setting up for a man of consequence, tá sé ag iarraidh boc mór a dhéanamh de féin.
County society, the county set, uaisle, daoine faiseanta, an chontae.
Nau: To set the course on the chart, an cúrsa a rianú.
A person having deep-set eyes, duine cuas-súileach.
To set people by the ears, daoine a chur i gcochall a chéile.
To set him at ease, (i) é a chur ar a shocracht; (ii) é a chur chun suaimhnis, suaimhneas a chur ann.
Set of the ebb, treo na taoide.
To set a good example, dea-shampla a thabhairt uait.
To set eyes on sth., súil a chur i rud.
I haven't set eyes on him for years, ní fhacas dé air le blianta.
To set one's face against sth., cur i gcoinne ruda.
It is set fair, tá bun maith air.
The fast set, lucht m ragamála.
To set fire to sth., to set sth. on fire, tine a thabhairt do rud, rud a chur trí thine.
First set your own house in order, baist do leanbh féin ar dtús.
To set foot on an island, dul i dtír, cos a leagan, ar oileán.
To set s.o. on his feet, (i) duine a chur ar a chosa, ar a bhoinn; (ii) duine a fhódú, a bhunú (i ngnó).
To set a business on foot, gnó a chur ar bun, ar siúl.
A cake had been set aside for me, bhí císte curtha i leataobh dom.
To set a fracture, briseadh a dheisiú, cnámh a shnaidhmeadh.
To set a slave free, daor m a fhuascailt, a shaoradh.
To set a bird free, éan a scaoileadh amach.
To set free a prisoner, príosúnach a scaoileadh saor, a cheann a ligean le príosúnach.
She offered to set him free, thairg sí é a scaoileadh óna ghealltanas.
Suite, set, of furniture, foireann f troscáin.
Ten: Game, set and match, cluiche, cor agus comórtas.
To set a machine going, inneall a chur ag gluaiseacht, sa siúl.