Jump to content

Stair Dhoire: Difríocht idir leaganacha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'mion|Ón gcrann [[Dair|darach a thagann an t-ainm ''Doire :'' '''c'''rainn dhúchasacha inniu i mBeannchar, Contae Dhoire<ref>{{Lua idirlín|url=https://www.logainm.ie/ga/2872|teideal=Beannchar/Banagher|language=ga|work=logainm.ie|dátarochtana=2024-07-25}}</ref>]] Téann stair '''Dhoire''' siar níos faide ná 1,000 bliain. Íomhá:Griahan of...'
(No difference)

Leagan ó 18:48, 25 Iúil 2024

Ón gcrann darach a thagann an t-ainm Doire : crainn dhúchasacha inniu i mBeannchar, Contae Dhoire[1]

Téann stair Dhoire siar níos faide ná 1,000 bliain.

Grianán Ailigh
Grianán Ailigh
Colm Cille le J. R. Skelton, 1906
Na Ballaí

Bunaidh agus luathstair na cathrach

Tá fianaise ann go raibh cónaí ar dhaoine sa chomharsanacht na mílte bliain ó shin agus tá iarsmaí seandálaíochta ar fud na háite. Ón gcrann darach a thagann an t-ainm Doire. agus is é bunbhrí leis ná coill darach, dairchoill.

I miotaseolaíocht agus béaloideas na nGael, deirtear gur thóg an Dagda an ráth Grianán Ailigh (atá suite ar Shliabh an Ghrianáin), dia agus rí mór le rá na dTuath Dé Danann, a throid in éadan na bhFomhórach sa dara Cath Maighe Tuireadh.

Sa séú haois bhunaigh Colm Cille (521-597) mainistir ansin, agus tugadh Doire Cholm Cille ar an áit in ómós dó.

Bhí an-rath ar an mainistir faoi cheannas chlann Mhic Lochlainn sna meánaoiseanna agus is cosúil nár ionsaigh na Lochlannaigh riamh í. Chaith na Normannaigh seal gearr sa chathair ach tháinig na Gaeil i gceannas arís go gasta. Thóg na Dochartaigh caisleán ansin timpeall na bliana 1500.

An 16ú agus an 17ú haois

Ghabh arm Sasanach seilbh ar an gcathair agus ar an mainistir ag tús na seachtú haoise déag. Bhí an-tábhacht leis an ngarastún a bhunaigh na Sasanaigh i nDoire le linn an chogaidh in éadan Aodh Uí Néill, ó bhí siad ábalta seilbh a choinneáil uirthi le linn d'arm na nGael a bheith buacach ar fud Chúige Uladh go dtí 1601.

Scrios Cathaoir Ó Dochartaigh an choilíneacht Shasanach áfach sa bhliain 1608, cé go raibh sé ag troid ar son na Sasanach in aghaidh Uí Néill. Ba ansin a cuireadh Plandáil Uladh ar bun.

Príomhalt: Plandáil Uladh

Tógadh an chathair as an nua agus tugadh 'Londonderry' mar ainm uirthi mar gur comhlachtaí ó Londain a bhí i mbun na plandála. D'fhás an chathair go han-mhall agus ní raibh ach 2,000 duine ina gcónaí ansin timpeall na bliana 1680.

Rinne an Rí Séamus II iarracht an chathair a ghabháil sa bhliain 1689 ach bhí an lucht cosanta ábalta seasamh ina choinne go dtí gur tháinig an cabhlach chun fortachta orthu. Bíonn aontachtóirí agus dílseoirí na cathrach ag comóradh léigear Dhoire ar an 12 Lúnasa gach bliain.

Doire san 18ú agus san 19ú hAois

D'fhás Doire go mór sa naoú haois déag mar gheall ar an tionsclaíocht. Bhí monarchana léinte agus línéadaigh sa chathair agus sna bailte máguaird.

An 20ú haois

Tar éis Chríochdheighilt na hÉireann tháinig meath ar an gcathair agus bhí dífhostaíocht an-ard ann, go háirithe i measc na gCaitliceach a bhí ina dtromlach sa chathair.

I ndeireadh na seascaidí, thosaigh feachtas ar son cearta vótála agus tithíochta sa chathair. Rinne Rialtas na Sé gContaetha iarracht an ghluaiseacht cearta sibhialta a chur faoi chois le lámh láidir. Ach d'eascair feachtas fuilteach as an iarracht sin.

Na Trioblóidí

Dúnadh ceantair iomlána sa chathair agus bhí círéibeacha fuilteacha ann ón mbliain 1969 i leith. Rinne Arm na Breataine ionradh ar Thaobh an Bhogaigh, an príomhcheantar Caitliceach, sa bhliain 1972. Ach lean feachtas buamála agus maraithe ar aghaidh ar feadh breis is fiche bliain eile.

An 21ú haois

De réir a chéile rinneadh iarracht caighdeán tithíochta na cathrach a fheabhsú agus na cearta céanna a chinntiú do gach duine, agus tá an chathair ag bláthú ó shin.

Féach freisin

Tagairtí

  1. "Beannchar/Banagher" (ga). logainm.ie. Dáta rochtana: 2024-07-25.