Árais máithreacha agus naíonán agus tithe Maigdiléana in Éirinn: Difríocht idir leaganacha
Leathanach cruthaithe le '{{WD Bosca Sonraí Eagraíochta}}mion|'Tearmann ' i Sasana', tús an 20ú haois .<ref name=":0">Finnegan, F.: Do Penance or Perish. A Study of Magdalen Asylums in Ireland. Congrave Press, Ireland, Piltown, Co. Kilkenny (2001).</ref> mion|mórleabhar de chuid Sisters of Our Lady of Charity, High Park, [[Drumcondra Football Club|Drumcondra, BÁC (ar taispeáint sa Little Museum inn...' |
(No difference)
|
Leagan ó 21:46, 31 Lúnasa 2024
|
Mhair na tionscadail chlochair ar a dtugtar na Neachtlanna nó Tithe Níocháin Maigdiléanacha[2] agus árais máithreacha agus naíonán in Éirinn, agus thar lear, ó lár an ochtú haois déag go dtí deireadh an fichiú haois. Bhí mná curtha i bhfolach ann ar feadh na mblianta fada agus rugadh páistí dóibh go minic.[3]
Córas
Nuair a d’fhaightí amach go raibh bean torrach, mheasadh a cuid tuismitheoirí go raibh siad náirithe go deo. Is iondúil go ligtí an fear saor ó cháineadh. Leanbh mídhlisteanach, leanbh tabhartha, a bheadh aici de réir an Stáit.[4]
An réiteach ab éasca in Éirinn a bhíodh ag na tuismitheoirí ar an gcás an iníon a chur go Sasana, faoi rún dá mb’fhéidir é. Ach ní raibh an dara rogha ag na boicht ach dul isteach sna Tithe Níocháin.
Sna Neachtlanna, coinníodh na mná faoi smacht, mná dofheicthe mar go raibh siad 'salaithe' i súile na heaglaise agus an phobail. Chaith na mná a saol ag sclábhaíocht, lá i ndiaidh lae ag déanamh níocháin daoine eile.
Ba thithe déirce iad na Neachtlanna ón taobh amuigh; thug siad deis don phobal éalú ó fhreagracht agus a bheith saor ó chiontacht. Ba phríosúin bhrúidiúla iad, áfach do na créatúir a raibh sé de mhí-ádh orthu a bheith caite isteach iontu.[3]
Níorbh iad an chléir amháin, a bhí i mbun, a bhí ciontach: bhí a gcuid tuismitheoirí agus a gcuid comharsan, agus an rialtas, fiú an tsochaí uilig, páirteach sa gcomhcheilg freisin.[4] Maidir le ceannairí an Stáit, dhún siad a súile ar fad ar a raibh ag tarlú.
Stair
D'oscail Lady Arabella Denny an Dublin Magdalen Asylum[5] ar Shráid Líosain, BÁC sa bhliain 1765 agus.éiteas Eaglais na hÉireann ann.
Na Tithe sna meáin
- The Magdalene Sisters scannán le Peter Mullan, 2002[6].
- Philomena, scannán le Stephen Frears, 2013[7]
- Taispeántas Diane Fenster, 2000,[8][9][10] grianghrafadóir digiteach Meiriceánach. Baineann Fenster úsáid as braillíní, agus tá portráidí ban le feiceáil ar na braillíní, mar mheafar. Feictear braillíní mar rudaí a chuireann na mná i ndaoirse chomh maith le rudaí a ligeann dóibh a bheith saor le bheith ag brionglóid agus éalú ó liostacht agus cruálacht an tsaoil. Úsáideann sí seanbhraillíní ina taispeántas mar go bhfuil stair ag baint leo agus gur áirgí pearsanta atá iontu.[3]
- Faoi Scáth, leagan Gaeilge (2015) de dhráma Patricia Burke Brogan Eclipsed.[11]
Féach freisin
Tagairtí
- ↑ Finnegan, F.: Do Penance or Perish. A Study of Magdalen Asylums in Ireland. Congrave Press, Ireland, Piltown, Co. Kilkenny (2001).
- ↑ Tugtar neachtlanna Maighdilíneacha, nó Tithe Níocháin Maigdiléanacha, orthu uaireanta; i mBéárla, Magdalene Laundries srl
- ↑ 3.0 3.1 3.2 Ciara Nic Gabhann (Nollaig 2002). "Rún na dTithe Níocháin Maigdiléanacha" (ga-IE). Beo!. Dáta rochtana: 2023-03-05.
- ↑ 4.0 4.1 Seosamh Ó Cuaig (4 Meán Fómhair 2018). "Ní thugtar cothrom na Féinne i gcónaí don chléir…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-03-05.
- ↑ nó Magdalen Asylum for Penitent Females
- ↑ "The Magdalene Sisters" (as en) (2023-03-01). Wikipedia.
- ↑ "Philomena (film)" (as en) (2023-01-28). Wikipedia.
- ↑ Diane Fenster (2008-05-16). "Secrets of the Magdalen Laundries". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2008-05-16. Dáta rochtana: 2023-03-05.
- ↑ Diane Fenster (2008-07-27). "Secrets of the Magdalen Laundries / téacs". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2008-07-27. Dáta rochtana: 2023-03-05.
- ↑ Diane Fenster (2008-05-16). "Secrets of the Magdalen Laundries / suíomh". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2008-05-16. Dáta rochtana: 2023-03-05.
- ↑ "Dráma cumhachtach sa Daingean faoi na neachtlanna Maighdilíneacha" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-03-05.