Jump to content

Cásanna mí-úsáid ghnéis in Éirinn de chuid na hEaglaise Caitlicí: Difríocht idir leaganacha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Le linn an 20ú haois, tharla '''cásanna mí-úsáid ghnéis in Éirinn''' i roinnt mhaith scoileanna a bhí á riar ag oird rialta de chuid na hEaglaise Caitlicí. Thar na mblianta, bunaíodh Coimisiúin imscrúdúcháin agus Fiosrúcháin maidir leis an mhí-úsáid a líomhnaítear a tharla. == Tuarascáil O'Toole, 2024 == D'fhoilsigh Rialtas na hÉireann tuarascáil chuimsitheach ar an 3 Meán Fómhair 2024, an "Scopin...'
(No difference)

Leagan ó 21:43, 4 Meán Fómhair 2024

Le linn an 20ú haois, tharla cásanna mí-úsáid ghnéis in Éirinn i roinnt mhaith scoileanna a bhí á riar ag oird rialta de chuid na hEaglaise Caitlicí. Thar na mblianta, bunaíodh Coimisiúin imscrúdúcháin agus Fiosrúcháin maidir leis an mhí-úsáid a líomhnaítear a tharla.

Tuarascáil O'Toole, 2024

D'fhoilsigh Rialtas na hÉireann tuarascáil chuimsitheach ar an 3 Meán Fómhair 2024, an "Scoping Inquiry" de chuid Mary O'Toole, SC.[1] Tháinig sé chun solais sa tuarascáil gur déanadh 2,395 líomhain de mhí-úsáid gnéis stairiúil i dtaca le 308 scoil in Éirinn. Tharla an mhí-úsáid seo i roinnt mhaith scoileanna Chaitliceacha idir luath sna 1960ídí agus luath sna 1990ídí, ach tharla an líon ba mhó eachtraí sna seachtóidí.[2]

Déanadh líomhaintí maidir le 884 duine, daoine a líomhnaítear a rinne mí-úsáid. Bhí os cionn leath don 884 duine sin, a raibh líomhaintí curtha ina leith, imithe ar shlí na fírinne in 2024. Bhí Tá 80 scoil, á riar ag 24 ord rialta, ainmnithe sa tuarascáil.

Déanadh líon ard líomhaintí i scoileanna speisialta. Bhí 590 líomhain déanta i dtaca le 190 duine a líomhnaítear a rinne mí-úsáid gnéis ar dhaltaí i 17 scoil speisialta.[2]

Cuir ina cheart agus cúiteamh

Thar na mblianta, bunaíodh Coimisiúin imscrúdúcháin agus Fiosrúcháin maidir leis an mhí-úsáid a líomhnaítear a tharla i roinnt mhaith scoileanna a bhí á riar ag oird rialta.

I mí Mheán Fómhair 2024, bhí sé aontaithe ag an gcomh-aireacht go mbunófar fiosrúchán reachtúil maidir leis na cásanna de mhí-úsáid gnéis a líomhnaítear a tharla ag roinnt mhaith scoileanna Chaitliceacha.

Gheall an Rialtas go mbunófaí scéim cúitimh do dhaoine a tháinig slán ón mhí-úsáid.[2]

Féach freisin

Tagairtí

  1. gov.ie / Mary O’Toole, SC (3 Meán Fómhair 2024 (foilsithe go poiblí)). "Report of the Scoping Inquiry into Historical Sexual Abuse in Day and Boarding Schools Run by Religious Orders". Dáta rochtana: 4 Meán Fómhair 2024.
  2. 2.0 2.1 2.2 Nuacht RTÉ (2024-09-03). "2,395 líomhain de mhí-úsáid gnéis déanta i dtaca le 308 scoil" (as ga-IE).