Jump to content

Cairdín pianó: Difríocht idir leaganacha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le '{{WD Bosca Sonraí Uirlis Cheoil }} Is éard is '''cairdín pianó''', nó '''pianóchairdín''', ann ná gléas ceoil, saghas aerafóin.<ref>i mBéarla, ''piano accordion''</ref> Níl uirlis cheoil is mó a thugann cultúr agus ambiance na Fraince chun cuimhne dúinn ná an pianóchairdín.<ref>{{Lua idirlín|url=https://tuairisc.ie/da-seinnfeadh-gach-aon-pholaiteoir-an-pianochairdin/|teideal=Dá seinnfeadh gach aon pholaiteoir an pianóchairdín...'
(No difference)

Leagan ó 22:04, 6 Nollaig 2024

WD Bosca Sonraí Uirlis CheoilCairdín pianó
Cineálcairdín
Nóta is íslesol (en) Aistrigh
Nóta is airdeE (en) Aistrigh

Is éard is cairdín pianó, nó pianóchairdín, ann ná gléas ceoil, saghas aerafóin.[1] Níl uirlis cheoil is mó a thugann cultúr agus ambiance na Fraince chun cuimhne dúinn ná an pianóchairdín.[2]

Stair

Uirlis é an pianóchairdín ná téann siar chomh fada sin i stair cheol sráide na Fraince. Tháinig an pianóchairdín nua aimseartha ar an bhfód go luath sa 20ú céad.[3] Roimhe sin de réir dealraimh ba iad an cabrette agus an vielle à roue, an phíob agus an hurdaí-gurdaí a bhíodh i réim, uirlisí a bhí deacair a choimeád i dtiúin.

Ceoltóirí

  • Bhí Giscard d’Estaing oilte ar an bpianóchairdín, agus bhain sé lán-úsáid as a scil i gcúrsaí cumarsáide, agus féinphoiblíochta. Sheinn sé duet le Yvette Horner, Banríon an Chairdín ag féile idirnáisiúnta ceoil, uair dá raibh. ‘Dá seinnfeadh gach aon pholaiteoir an pianóchairdín,’ a dúirt d'Estaing ‘réiteoimis go léir i bhfad níos fearr lena chéile.’[4]
  • Ceoltóir clúiteach pianóchairdín sa 20ú haois in Éirinn ba ea Micheál Ó hEIDHIN (1938–2012),[5]
  • Chomhairfeá ar aon láimh amháin na ceoltóirí cumasacha traidisiúnta Éireannacha a sheinneann é, leithéidí Martin Tourish leis an ngrúpa Altan agus fear Mhaigh Eo, Alan Kelly a sheinneann le Eddie Reader go minic.

Féach freisin

Naisc sheachtracha

Tagairtí

  1. i mBéarla, piano accordion
  2. Seosaimhín Ní Bheaglaoich (5 Nollaig 2024). "Dá seinnfeadh gach aon pholaiteoir an pianóchairdín…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-12-06.
  3. Hussey, Matt (2011). "Consairtín". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 169.
  4. Seosaimhín Ní Bheaglaoich (5 Nollaig 2024). "Dá seinnfeadh gach aon pholaiteoir an pianóchairdín…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-12-06.
  5. "Ó hEIDHIN, Micheál (1938–2012)" (ga-IE). ainm.ie. Dáta rochtana: 2024-12-06.