Jump to content

Dífhibrileoir: Difríocht idir leaganacha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m Bhog Kevin Scannell an leathanach Dífhibrilitheoir go Dífhibrileoir: http://www.tearma.ie/Search.aspx?term=d%c3%adfhibrileoir&lang=3116659
No edit summary
Líne 1: Líne 1:
Feiste chun [[turraing]] thomhaiste leictreach a sheoladh tríd an [[Cliabhrach|gcliabhrach]] is an croí chun rithim mhínormálta croí atá ag fibriliú a réiteach. Toradh ar ghalar na n-artairí corónacha a bhíonn sa bhfibriliú de ghnáth. Nuair a tharlaíonn fibriliú i gcás na [[Méadailín (croí)|méadailíní]]—fibriliú méadailíneach —ní dhéanann an croí an fhuil a chaidéalú i gceart tríd an gcolainn, ní bhfaigheann an [[inchinn]] dóthain oscaigine, agus faigheann duine bás go tobann. Is ar an mbealach seo a fhaigheann 75% de na daoine bás ar bás tobann cairdiach é. Thaispeáin an [[máinlia]] Claude Beck ([[1894]]-[[1971]]) i [[1947]] gur féidir an feidhmiú marfach croí seo a leigheas ach turraing thomhaiste leictreach a sheoladh tríd an gcroí luath go leor i ndiaidh tosú an fhibrilithe. Déantar seo anois le dhá leictreoid a chur ar dhá thaobh an chliabhraigh agus an turraing a sheoladh. Ba i [[Béal Feirste|mBéal Feirste]] a rinne Frank Pantridge ([[1916]]-[[2004]]) is a chomhghleacaí John Geddes dífhibrileoir a chur in [[otharcharr]] i [[1966]], rud a shábháil an-chuid daoine. Ina dhiaidh sin thóg siad dífhibrileoir iniompartha. In ainneoin na bhforbairtí móra maidir le dífhibrileoirí, is é an tubaiste nach sábháiltear ach céatadán an-bheag de na daoine a mbuaileann fibriliú méadailíneach iad, de bhrí go sroicheann an dífhibrileoir an t-othar ródhéanach. Is ar an ábhar seo a bhíonn dífhibrileoirí ar fáil in an-chuid ionaid oibre anois.
Is é is '''dífhibrileoir''' ann ná feiste chun [[turraing]] thomhaiste leictreach a sheoladh tríd an [[Cliabhrach|gcliabhrach]] is an croí chun rithim mhínormálta croí atá ag fibriliú a réiteach. Toradh ar ghalar na n-artairí corónacha a bhíonn sa bhfibriliú de ghnáth. Nuair a tharlaíonn fibriliú i gcás na [[Méadailín (croí)|méadailíní]]—fibriliú méadailíneach —ní dhéanann an croí an fhuil a chaidéalú i gceart tríd an gcolainn, ní bhfaigheann an [[inchinn]] dóthain oscaigine, agus faigheann duine bás go tobann. Is ar an mbealach seo a fhaigheann 75% de na daoine bás ar bás tobann cairdiach é. Thaispeáin an [[máinlia]] Claude Beck ([[1894]]-[[1971]]) i [[1947]] gur féidir an feidhmiú marfach croí seo a leigheas ach turraing thomhaiste leictreach a sheoladh tríd an gcroí luath go leor i ndiaidh tosú an fhibrilithe. Déantar seo anois le dhá leictreoid a chur ar dhá thaobh an chliabhraigh agus an turraing a sheoladh. Ba i [[Béal Feirste|mBéal Feirste]] a rinne Frank Pantridge ([[1916]]-[[2004]]) is a chomhghleacaí John Geddes dífhibrileoir a chur in [[otharcharr]] i [[1966]], rud a shábháil an-chuid daoine. Ina dhiaidh sin thóg siad dífhibrileoir iniompartha. In ainneoin na bhforbairtí móra maidir le dífhibrileoirí, is é an tubaiste nach sábháiltear ach céatadán an-bheag de na daoine a mbuaileann fibriliú méadailíneach iad, de bhrí go sroicheann an dífhibrileoir an t-othar ródhéanach. Is ar an ábhar seo a bhíonn dífhibrileoirí ar fáil in an-chuid ionaid oibre anois.


{{Fréamh an Eolais}}
{{Fréamh an Eolais}}
{{síol}}
{{síol}}

{{DEFAULTSORT:Difhibrileoir}}
[[Catagóir:Feistí Leighis]]

Leagan ó 18:22, 15 Samhain 2016

Is é is dífhibrileoir ann ná feiste chun turraing thomhaiste leictreach a sheoladh tríd an gcliabhrach is an croí chun rithim mhínormálta croí atá ag fibriliú a réiteach. Toradh ar ghalar na n-artairí corónacha a bhíonn sa bhfibriliú de ghnáth. Nuair a tharlaíonn fibriliú i gcás na méadailíní—fibriliú méadailíneach —ní dhéanann an croí an fhuil a chaidéalú i gceart tríd an gcolainn, ní bhfaigheann an inchinn dóthain oscaigine, agus faigheann duine bás go tobann. Is ar an mbealach seo a fhaigheann 75% de na daoine bás ar bás tobann cairdiach é. Thaispeáin an máinlia Claude Beck (1894-1971) i 1947 gur féidir an feidhmiú marfach croí seo a leigheas ach turraing thomhaiste leictreach a sheoladh tríd an gcroí luath go leor i ndiaidh tosú an fhibrilithe. Déantar seo anois le dhá leictreoid a chur ar dhá thaobh an chliabhraigh agus an turraing a sheoladh. Ba i mBéal Feirste a rinne Frank Pantridge (1916-2004) is a chomhghleacaí John Geddes dífhibrileoir a chur in otharcharr i 1966, rud a shábháil an-chuid daoine. Ina dhiaidh sin thóg siad dífhibrileoir iniompartha. In ainneoin na bhforbairtí móra maidir le dífhibrileoirí, is é an tubaiste nach sábháiltear ach céatadán an-bheag de na daoine a mbuaileann fibriliú méadailíneach iad, de bhrí go sroicheann an dífhibrileoir an t-othar ródhéanach. Is ar an ábhar seo a bhíonn dífhibrileoirí ar fáil in an-chuid ionaid oibre anois.