Jump to content

Coláiste na bhFiann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Coláiste na bhFiann ag ceiliúradh dhá scór bliain[1] ag cur na Gaeilge chun cinn. Thosaigh an eagraíocht i Ros Muc, Co. na Gaillimhe i 1968 le seasca dalta. Thar an daicheadh bliain tá breis is caoga míle dalta tar éis a bheith ar chúrsa leo. Is éard atá inti ná "an tSeirbhís Náisiúnta is mó don óige tré mheán na Gaeilge". Ciallaíonn sé sin go stiúrann Coláiste na bhFiann ocht "gcoláiste samhraidh" i Ráth Cairn, Ros Muc, Sligeach, Baile an Uairnigh, Longfort, Ceatharlach, Cill Áirne agus cúrsa lae i Baile na Sceilge, Co. Chiarraí.

Úsáideadh structúr Coláiste na bhFiann mar teimpléad do roinnt Coláiste Samhraidh eile. Ar maidin bíonn ranganna bunaithe ar an dteanga labhartha agus bíonn imeachtaí éagsúla mar shampla ceol, ealaíon agus spóirt agus bíonn céilithe sa hoíche. Tá structúr traenáil cheannasaíochta a mhúineann forbairt sóisialta, freagracht agus neamhspleáchas do dhaoine óga.

Tá caoga clubanna óige ar a dtugtar Cumann na bhFiann timpeall na tíre a thugann deis do dhaltaí a chuid Gaeilge a chleachtadh i rith na bliana. Chomh maith le sin bíonn imeachtaí mhóra eagraithe agus turais as baile.

Iarscoláirí

  • Hector Ó hEochagáin, Láithreoir Teilifíse
  • Cynthia Ní Mhurchú, Láithreoir Teilifíse
  • Carrie Crowley, Láithreoir Teilifíse
  • Ros Lipsett, Mainicín
  • Ré Ó Laighléis, Scríobhneoir
  • Julian De Spáinn, Ard-Rúnaí Conradh na Gaeilge
  • Emer De Barra, Oireachtas na Gaeilge
  • Liam Ó Maolaodha, Oireachtas na Gaeilge
  • Lorcán Mac Gabhann, Glór na nGael
  • Daithí Mac Cárthaigh, Conradh na Gaeilge
  • Pádraig Ó Ceithearnaigh, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge
  • Ciarán Mac an Bháird, Fiontar DCU
  • Emer Ní Bhrádaigh, Fiontar DCU
  • Seán Ó Ceallaigh, Gael Linn
  • Aodhán Ó Dea, Cumann Gaelach UCD
  • Mait Ó Brádaigh, Spleodar
  • Gearóid Denvir, UCG & Coláiste Chamuis
  • Ciarán Mac Samhrán, Luas
  • Orla De Búrca, Oifig an Choimisinéara Teanga
  • Rónán Ó Caollaí, Gravitate
  • Eimear Nic an Bháird, Eagrathóir House & Home
  • Sinéad Nic Niallaigh, Deloitte & Touche
  • Irene Ní Mhuireagáin, Cumarsáid Creative

Tagairtí

Naisc sheachtracha