Óglaigh na hÉireann
Cuma
I stair agus polaitíocht na hÉireann, is iomaí eagraíocht a thugann (nó a thugtaí) an t-ainm Óglaigh na hÉireann orthu féin:
- Óglaigh na hÉireann (Fórsaí Cosanta na hÉireann): I gcáipéisí oifigiúla agus ar shuaitheantais an Airm, tugtar Óglaigh na hÉireann ar fórsaí cosanta Poblacht na hÉireann.
- Óglaigh na hÉireann (1913-1919): An dream a cruthaíodh faoin ainm Óglaigh na hÉireann sa bhliain 1913 mar fhreagra don Óglaigh Uladh, nuair a bhagair na hAontachtóirí go dtroidfidís in aghaidh an Rialtas Dúchais a bhí le cur ar bun d'Éirinn.
- Óglaigh na hÉireann (1919-1922): An chéad IRA (Irish Republican Army) mar a bhíodh sé idir Cogadh na Saoirse agus an scoilt a tharla tar éis an Conradh Angla-Éireannach
- Óglaigh na hÉireann (1922-1969): Na frith-chonraitheoirí nár ghlac leis an Conradh Angla-Éireannach, agus a throid in aghaidh an tSaorstáit nua sa Chogadh Cathartha agus ó shin i leith. Tugtar (nó thugtaí) an t-ainm céanna ar roinnt grúpaí paraimíleata in Éirinn atá ag iarraidh aon stát amháin a bhunú ar oileán na hÉireann nach mbeadh aon bhaint aige leis an Ríocht Aontaithe. Tá gach ceann de na grúpaí sin ag maíomh ginealais ar an gcéad IRA, airm na poblachta Éireannaí a d'fhógair Dáil Éireann sa bhliain 1919:
- An tIRA Sealadach - bunaíodh sa bhliain 1969 é. Tá clú ar an ngrúpa mar gheall ar na hionsaithe paraimíleata ó na 1970í anuas go dtí na 1980í. Leis an ngrúpa seo is mó a shamhlaítear an téarma 'IRA' inniu, ós é an tIRA is mó sa lá atá inniu ann.
- An tIRA Oifigiúil - an chuid eile den IRA, an chuid a fágadh nuair a scoilt an tIRA Sealadach ón ngrúpa bunúsach sa bhliain 1969. De réir dealraimh, d'éirigh an grúpa seo as an ngleic armtha, nó roghnaigh an ceannaire, Cathal Goulding, dul le polaitíocht.
- An tIRA Leanúnach - Scoilt an grúpa seo ón IRA Sealadach sna 1980í, mar gheall ar shocruithe polaitiúla Shinn Féin.
- An Fíor-IRA - Scoilt an grúpa seo ón IRA Sealadach sna 1990í nuair a staon an grúpa sin ón bhforéigean.
- Óglaigh na hÉireann (grúpa splinter den IRA Leanúnach) - Scoilt an grúpa seo ón IRA Leanúnach i 2006.