Jump to content

Baile Phib

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Eaglais Naomh Peadar
Páirc Chnocán Uí Dhálaigh- staid bhaile An Cumann Peile Bóithéimeach

Bruachbhaile ar an taobh thuaidh de Bhaile Átha Cliath is ea Baile Phib. Tá sé suite idir lár na cathrach, Cabrach, Glas Naíon agus Droim Conrach. Níl sé ach dhá chiliméadar ó Abhainn na Life. Téann an Chanáil Ríoga tríd an gceantar agus is é Coirnéal Uí Dhughaill lár an cheantair.

Iompar agus Eolas Ginearálta

Tá leabharlann Bhaile Phib suite ar an gCuarbhóthar Thuaidh (NCR).

Tá an club sacair An Cumann Peile Bóithéimeach suite i bPáirc Chnocán Uí Dálaigh, agus club galf dhá mhaide agus cúirteanna leadóige suite i Shandon.

Tá seirbhísí Bus Átha Cliath i bhfeidhm ann (uimhreacha: 4, 4A, 10, 10A, 19, 19A, 38, 38A, 38B, 38C, 83, 120, 121, 122, 140) agus tá stáisiún Luas ann freisin.

Ospidéal An Mater

Tá brú An Óige suite ar Shráid Mhuinseo, agus an t-Ospidéal Mater Misercordiae suite ar Shráid Eccles.