Jump to content

Crá (scéinséir TG4)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de sèrie de televisióCrá
CRÁ
Seánracoirdhrámaíocht
TírÉire
Bunteangaan Ghaeilge
Bealach teilifíseTG4
An chéad eipeasóid11 Samhain 2024
Líon eipeasóidí6
Tuilleadh eolais
IMDB: tt33268051 Cuir in eagar ar Wikidata

Sraith teilifíse Ghaeilge a bhaineann le fiosrúchán dúnmharaithe é Crá a craoladh ar TG4 ón Luan 11 Samhain 2024. Tháinig Crá i gcomharbacht ar shaothair amhail Doineann (2021), Corp + Anam (2011-2014) agus An Bronntanas (2014),[1]

Dónall Ó Héalaí, 2024

Cuirtear tús le fiosrúchán dúnmharaithe nuair a aimsítear corp mháthair an Gharda áitiúil, Conall Ó Súilleabháin (Dónall Ó Héalaí agus éiríonn le Ó Héalaí canúint Uladh a thabhairt leis go paiteanta). Tá cosc iomlán ar Chonall páirt a ghlacadh san fhiosrúchán ach níl baol air fanacht glan ar an gcás.

Socraíonn iriseoir óg, Ciara-Kate (Hannah Brady), podchraoladh faoin gcás a thosú agus tugann Conall faoi deara go bhfuil Ciara-Kate in ann eolas a fháil ó dhaoine nach bhfuil sásta labhairt leis na Gardaí.

Más mian le Conall an chóir a éileamh beidh air dul i mbun oibre leis an iriseoir seo. Ní fada go bhfaightear amach go bhfuil aistear gruama i ndán don bheirt acu.[2]

Bhí Fíbín Films taobh thiar den tsraith choiriúlachta Crá.[3]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Breandán M Mac Gearailt (14 Samhain 2024). "Ó Héalaí a dhéanann saothar stuifiúil de dhráma nua TG4" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-16.
  2. tg4.ie. "Filí agus Ceannródaithe, Ceol agus Dúnmharuithe, Stíl agus Inbhuanaitheacht i measc na dtéamaí i Sceideal Fómhair TG4 2024 | Preas Ráiteas" (ga-IE). TG4. Dáta rochtana: 2024-11-16.
  3. Maitiú Ó Coimín (13 Samhain 2024). "Deireadh á chur leis an gcomhlacht amharclannaíochta Fíbín" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-13.