Jump to content

Khaled El Masri

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaKhaled El Masri
Beathaisnéis
Breith29 Meitheamh 1963
61 bliana d'aois
Cuáit Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnIoslam
Gníomhaíocht
Gairmgníomhaí polaitiúil Cuir in eagar ar Wikidata

Ar dhuine de na daoine a thug fianaise sa gcúirt ar son Julian Assange agus ar son WikiLeaks atá an Gearmánach Khaled El Masri (a rugadh sa Chuáit ar an 29 Meitheamh 1963 agus a d'fhás suas sa Liobáin).

Sa mbliain 2004 chuaigh El Masri go dtí An Mhacadóin ar a laethanta saoire. Cás bréagaitheanta a bhí ann agus gabhadh é ar an 23 Eanáir 2004. Ligeadh amach é ach d'fhuadaigh an CIA é as teorainn na Macadóine. Cuireadh drochbhail air.[1]

Dúirt an CIA ina dhiaidh sin nárbh é an fear ceart a bhí acu. Ligeadh saor é ar an 28 Bealtaine 2004.

Sa mbliain 2012 cruthaíodh i gCúirt Eorpach um Chearta an Duine gur chéas an CIA é.[2] Ghlac Masri buíochas le Assange agus le WikiLeaks. Ba rímhaith a thuig sé murach a gcuid oibre siúd nach dtabharfaí an bhreith chóir air.[1]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 Seosamh Ó Cuaig (27 Deireadh Fómhair 2020). "Is minic iriseoirí ag pápaireacht faoi shaoirse cainte, ach céard faoi Julian Assange?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-08-28.
  2. "HUDOC - European Court of Human Rights". hudoc.echr.coe.int. Dáta rochtana: 2024-08-28.