Síofra
Cuma
Síofra a thugtar ar leanbh sí a fhágtar ag teaghlach daonna nuair a fhuadaítear leanbh daonna. De ghnáth, bíonn an síofra tinn agus ar tí bás a fháil nuair a mhalartaíonn an lucht sí é, ar son linbh dhaonna fholláin.
Bhaintí úsáid as miotas an tsíofra chun galair thobanna ar leanaí nuabheirthe a mhíniú. De réir an tseanchais, d'fhéadfaí síofra aithint mar labhródh an leanbh gan choinne nó chaithfeadh sé píopa. Chreidtí go raibh na céadta bliain slánaithe ag an síofra cheana cé nach raibh sé níos mó ar méid ná leanbh duine.
Dá gceapfaí gur síofra a bhí ann, chaithfí isteach sa tine é go dtabharfaí a leanbh féin ar ais chuig na tuismitheoirí.
Is léir go bhfuair roinnt leanaí tinne bás mar gheall ar an bpiseog seo. Mar shampla:
- Ar an 15 Márta 1895 mharaigh Michael Cleary a bhean chéile, Bridget, i dTiobraid Árann mar chreid sé gur síofra a bhí inti.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |