Ba mhór an pléisiúr a bheith i measc an tslua a d’fhreastail ar cheolchoirm chomórtha Oireachtas Chois Fharraige 1974 a bhí ar siúl in Amharclann Chois Fharraige an oíche cheana agus ardú croí agus meanman a bhí ann a fheiceáil go bhfuil an ceantar seo chomh bríomhar Gaelach céanna is a bhí caoga bliain i ndiaidh na féile clúití sin.
Mar is eol do chách anois, is dóigh, ba siar go Cois Fharraige a tarraingíodh an tOireachtas i 1974 tar éis na mblianta fada a chaitheamh i mBaile Átha Cliath agus ba sa gceantar Gaeltachta seo a cuireadh tús le nós an Oireachtais bogadh ó bhaile go baile – nós a bhí ar tí imeacht in éag arís, ba eagal liom, go dtí le deireanas!
Bheartaigh lucht eagraithe Fhéile Chois Fharraige an ócáid a chomóradh le linn a bhféile féin i mbliana agus ba mhaith uathu é. Mar a léiríonn liosta bhuaiteoirí Oireachtas na Samhna bliain i ndiaidh bliana, tá agus bhí an oidhreacht Ghaelach go láidir i gCois Fharraige riamh.
Ba í Buaiteoir Chorn Uí Riada 2016, Caitlín Ní Chualáin, a bhí ina bean tí an oíche cheana agus buaiteoir eile Chorn Uí Riada atá ina chónaí sa gceantar céanna, Colm Jimmy Ó Curraoin á cur i láthair aici – agus níl ansin ach 33% de bhuaiteoirí Chorn Uí Riada a luaitear leis an gceantar!
Meascán deas de na healaíona dúchais a bhí ar taispeáint san Amharclann – idir cheol, scéalaíocht, amhránaíocht, dhamhsa, agus na healaíona béil – agus bhí sé go hálainn an meascán daoine a fheiceáil ar an ardán chomh maith. Bhí idir óg agus aosta ann, muintir na háite – gaol gairid ag cuid acu lena chéile – agus daoine as baile isteach atá ag cur le spiorad an phobail
Cuireadh tús leis an ócáid le taifead d’aitheasc an Oireachtais a thug Joe Steve Ó Neachtain i 1974 agus é chomh spreagúil céanna i mbliana agus a bhí sé nuair a thug sé uaidh é leathchéad bliain ó shin. Chuir focla Joe Steve ó 1974 tábhacht na féile i gcomhthéacs do lucht éisteachta an lae inniu. Athrú suntasach a bhí i mbogadh an Oireachtais ó Bhaile Átha Cliath go ceantar Gaeltachta, agus díol suntais é go mba ar éileamh an phobail féin a tarraingíodh amach as an gcathair é.
Ar dhuine de na daoine a bhí i láthair ag an dá ócáid – Oireachtas ’74 agus an comóradh an tseachtain seo – bhí Mike P Ó Conaola as an Sidheán sa Spidéal. Blaisín den scéalaíocht a thug Mike uaidh agus an slua faoi gheasa aige agus é i mbun a cheirde ársa.
Thug mé suntas freisin don mhéid a bhí le rá ag Neansaí Ní Choisdealbha, fliúiteadóir agus craoltóir aitheanta as an áit, a dúirt gur beag fliúiteadóirí a bhí i gCois Fharraige nuair a reáchtáladh Oireachtas ’74 ann ach go gcloistear an uirlis álainn sin i bhfad níos minice sa gceantar anois. Léiriú é an méid sin gur féidir athbheochan shláintiúil a dhéanamh ar na healaíona dúchais i gceantar ar bith agus dea-shampla do cheantair Ghaeltachta eile a bhfuil traidisiúin áirithe imithe i léig iontu.
Ar ndóigh an rud is mó a thabharfadh spreagadh agus dóchas do dhuine ná an óige, agus bhí óige Chois Fharraige ann go tréan oíche Dé Domhnaigh. Tá moladh mór tuillte ag Ceoltóirí Óga Chois Fharraige iad féin agus ag na daoine fásta a stiúrann iad atá tar éis brí as an nua a chur sa gcéad ghlúin eile sa gceantar – go mba fada buan iad agus tá súil agam go mbeidh muid uilig le chéile i gceann leathchéad bliain eile le ceiliúradh a dhéanamh ar Ghaeltacht bhríomhar Ghaelach Chois Fharraige.
Proinsias
Níl suim dá laghad ag go leor daoine óga (agus daoine fásta) sna Gaeltachtaí sa ceol traid ná sa damhsa céilí. Céard atá ann dóibh sin i bhféile an Oireachtais?