About this ebook
Myles Na gCopaleen
Myles na gCopaleen (aka Flann O'Brien) was born Brian O'Nolan in Strabane in 1911. He began to write as a student at University College Dublin. Thereafter he worked as a civil servant. He wrote a regular tri-weekly column called 'The Cruiskeen Lawn' for The Irish Times for twenty-five years from the early 1940s. In this he made his name as a satirist, writing originally in Irish, then more and more in English. His claim to literary fame rests mainly on two post-modernist works in English, At-Swim-Two-Birds (1939) and the posthumous The Third Policeman (1967).
Related to An Béal Bocht
Related ebooks
A Celtic Darkness: Supernatural Tales Of Ireland Rating: 4 out of 5 stars4/5Ag Greadadh Bas sa Reilig Rating: 4 out of 5 stars4/5Jailtacht: The Irish Language, Symbolic Power and Political Violence in Northern Ireland, 1972-2008 Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsPresbyterians and the Irish Language Rating: 4 out of 5 stars4/5Peig Sayers Vol. 2: Níl Deireadh Ráite / Not the Final Word Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsSpeaking Irish: Take your language skills beyond basics Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsMotherfoclóir: Dispatches from a not so dead language Rating: 4 out of 5 stars4/5Coming Home: One man's return to the Irish Language Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsLanguages Fast and Easy: Irish / Gaelic Rating: 3 out of 5 stars3/5How to be Irish Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsThe Surnames of Ireland: 6th Edition Rating: 5 out of 5 stars5/5Peig Sayers Vol. 1: Labharfad le Cách / I Will Speak to You All Rating: 5 out of 5 stars5/5Craic Baby: Dispatches from a Rising Language Rating: 4 out of 5 stars4/5Very First Irish Dictionary: Your first 500 Irish words, for ages 5+ Rating: 5 out of 5 stars5/5Irish History Compressed Rating: 3 out of 5 stars3/5A Gaelic Alphabet: a guide to the pronunciation of Gaelic letters and words Rating: 5 out of 5 stars5/5Ireland: A Short History Rating: 4 out of 5 stars4/5An Poc Ar Buile Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsThe Blasket Islandman: The Life and Legacy of Tomás Ó Criomhthain Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsScottish Gaelic and its European Cousins Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsThe Quest for the Irish Celt: The Harvard Archaeological Mission to Ireland, 1932–1936 Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsThe Old Irish World Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsFeis na nGleann: A Century of Gaelic Culture in the Antrim Glens Rating: 4 out of 5 stars4/5Irishology: Slagging, Junior C Football, Wet Rain and Everything Else We Love about Ireland Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsThe Hidden Ireland – A Study of Gaelic Munster in the Eighteenth Century Rating: 4 out of 5 stars4/5Words We Don't Use (Much Anymore): The Meaning of Words And Where They Come From Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsBringing Our Languages Home: Language Revitalization for Families Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsSelected Poems / Rogha Dánta Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsRogha Dánta / Selected Poems Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsThe Curious Story of the Limerick Rating: 0 out of 5 stars0 ratings
Cultural Heritage Fiction For You
The Poisonwood Bible: A Novel Rating: 4 out of 5 stars4/5The Bean Trees: A Novel Rating: 4 out of 5 stars4/5Yellowface: A Novel Rating: 4 out of 5 stars4/5I, Claudius Rating: 4 out of 5 stars4/5Lovecraft Country: A Novel Rating: 4 out of 5 stars4/5Prodigal Summer: A Novel Rating: 4 out of 5 stars4/5The Vegetarian: A Novel Rating: 4 out of 5 stars4/5No Longer Human Rating: 4 out of 5 stars4/5The Island of Missing Trees: A Novel Rating: 4 out of 5 stars4/5Tomorrow, and Tomorrow, and Tomorrow: A novel Rating: 4 out of 5 stars4/5Possessing the Secret of Joy Rating: 4 out of 5 stars4/5Interior Chinatown: A Novel (National Book Award Winner) Rating: 4 out of 5 stars4/5The Color Purple Collection: The Color Purple, The Temple of My Familiar, and Possessing the Secret of Joy Rating: 4 out of 5 stars4/5Convenience Store Woman: A Novel Rating: 4 out of 5 stars4/5The Temple of My Familiar Rating: 4 out of 5 stars4/5Sweet Bean Paste: The International Bestseller Rating: 4 out of 5 stars4/5Alas, Babylon Rating: 4 out of 5 stars4/5The Memory Keeper of Kyiv: A powerful, important historical novel Rating: 4 out of 5 stars4/5Celtic Tales: Fairy Tales and Stories of Enchantment from Ireland, Scotland, Brittany, and Wales Rating: 4 out of 5 stars4/5Mules and Men Rating: 4 out of 5 stars4/5Sunshine Nails: A Novel Rating: 4 out of 5 stars4/5A Woman Is No Man: A Novel Rating: 4 out of 5 stars4/5The Book of Laughter and Forgetting: A Novel Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsThe Stationery Shop Rating: 4 out of 5 stars4/5There There: A novel Rating: 4 out of 5 stars4/5Indian Horse: A Novel Rating: 4 out of 5 stars4/5Factotum Rating: 4 out of 5 stars4/5The Lone Ranger and Tonto Fistfight in Heaven: Stories Rating: 4 out of 5 stars4/5The Lacuna: Deluxe Modern Classic Rating: 4 out of 5 stars4/5All the Lives We Never Lived: A Novel Rating: 4 out of 5 stars4/5
Reviews for An Béal Bocht
177 ratings4 reviews
- Rating: 3 out of 5 stars3/5
May 19, 2024
An exaggerated satire of the Gaelic Islanders. Their miserable lives were presented as humorous although very little of it seemed humorous to me. - Rating: 3 out of 5 stars3/5
May 11, 2015
At times very funny (e.g. the chapter where the ethnographer thinks the pig is speaking Gaelic), but the joke does begin to wear thin by the end. - Rating: 5 out of 5 stars5/5
Feb 5, 2014
Flann O'Brien is hilarious. Read him now.
This one's much more straightforward than _At Swim-two-birds_, and I don't love it quite as much, but all you need to know is that he was sick of the fetishization of poverty-stricken "authentic" Gaelic life and culture, so he wrote this book, in Gaelic, spoofing such "studies". It's all a first-person account of a poverty-stricken Gael, a "bad story about the hard life" as the subtitle of the book claims.
But you'll laugh out loud, and often. Skip the look-at-me-woe-is-me self-serving inspirational dreck like _Angela's Ashes_, and pick up a work of genius. - Rating: 4 out of 5 stars4/5
Sep 4, 2011
This is a strange little book. Of course, it is by Flann O’Brien, so why should anything but strange be expected. It is the story of the life of Bonaparte O’Coonassa, born to great poverty in Ireland. Bonaparte is not really anyone we like. He just exists in his poverty. We follow Bonaparte as he lives his life, finding good things, finding bad things, just finding things, because life just happens to him.
Since I read this in English, separated by 70 years, I know I missed much of what this book says and the inherent humor. Yet, it is still just strange enough and funny enough to enthrall. And so I enjoyed it immensely. There are strange footnotes and strange drawings, and the entire thing parodies styles of writing with I am familiar and others not so much so.
But it is fun. And it is in the vein one expects from O’Brien. I don’t know that I would use this book to introduce the reader to O’Brien, but then, which of his books would be a good “introduction”? Better, as with this book, to just jump in and hope you can swim.
Book preview
An Béal Bocht - Myles Na gCopaleen
Réamhrá
Creidim gurb é seo an chéad leabhar riamh dár cuireadh i gcló i dtaobh Chorca Dorcha. Is mithid é, dar liom, agus is tráthúil. Is mór an gar don teanga agus dá lucht foghlama go mbeadh tuairisc na muintire a mhaireann sa Ghaeltacht iargúlta sin ina ndiaidh agus go mbeadh cuntas beag le fáil i mball éigin ar an nGaeilge mhín shaoithiúil a chleacht siad ann.
Tá an scríbhinn seo go díreach mar a fuair mé í ó láimh an údair ach amháin go bhfuil an mhórchuid fágtha ar lár de dheasca a raibh inti de thráchtas ar nithe nach bhfuil oiriúnach. Beidh a dheich n-oiread eile le fáil go réidh, mar sin féin, más amhlaidh go mbíonn aon ghlaoch ag an bpobal ar an leabhrán seo.
Tuigtear go soiléir gur i leith Chorca Dorcha amháin aon ní atá luaite ann agus ná tuigtear go bhfuiltear ag trácht go forleathan ar na Gaeltachtaí go mórmhór; áit faoi leith ann féin is ea Corca Dhorcha agus daoine gan a gcomhacasamhail a mhaireann ann.
Cúis mheanman go bhfuil an t-údar, Bónapárt Ó Cúnasa, ina bheatha go dtí an lá seo, sa charcair agus saor ó ainnise an tsaoil.
AN FEAR EAGAIR
Lá an Ghátair 1941
Réamhrá Don Treas Eagar
Mo bhrón a rá, ach ní moladh ná móradh atá tuillte ag an Aos Gaelach – an oiread sin díobh ar daoine uaisle le hairgead nó boic mhóra iad (dar leo féin) – gur ligeadar fáthscéal mar An Béal Bocht as cló le blianta, gan caoi ag súil sóisir ná seanóra teacht uirthi; ná fós faill chun eagna, críonnacht agus misneach a bhleán as imeachtaí na muintire éagsúla úd a mhaireann thiar i gCorca Dhorcha – pór na dtréan agus scoth na mbochtán.
Táid beo ann go dtí an lá seo, ach ní dul i líonmhaireacht dóibh, agus ní forbairt ach meath meirge atá ag teacht ar an gcanúint bhinn Ghaeilge is minice ina mbéal ná an greim bídh. Fairis sin, tá an imirce ag maolú na gceantar iar-iargúlta, na daoine óga ag tabhairt aghaidh ar an tSibéir ag súil le malairt aimsire agus fuascailt ón bhfuacht agus ón doineann is dúchas dóibh.
Molaim go mbeadh an leabhar seo i ngach áitreabh agus áras ina mbíonn grá do sheanchas ár dtíre, os anois (mar a deir Staindis Mac an Aodha Ó Gráda) ‘as dul don ló i ndéidhenaighe agus an teanga bhinn mhátharda beag nach tráighte’.
AN FEAR EAGAIR
Lá an Luain 1964
Caibidil 1
Cúis mo scéil – beirtear mé – mo mháthair agus an Seanduine Liath – an teach s’againne – an gleann inar tógadh mé – cruatan fadó ag Gaelaibh.
Tá na nithe atá luaite agam sa scríbhinn seo á gcur agam ann de bhrí go bhfuil an saol eile ag druidim liom go sciobtha – i bhfad uainn go léir an drochrud agus nár aithní an t-ainspiorad mar bhráthair mé – agus fós ‘mar ná beidh ár leithéidí arís ann’. Is cóir cuí go gcuirfí ar fáil don mhuintir a leanann sinn faisnéis éigin ar na díbhearsiuns[1] agus na haidbhintiurs[2] a bhí ann lenár linn mar nach mbeidh ár samplaí arís ann go brách agus mar nach mbeidh aon saol eile ann in Éirinn choíche inchurtha leis an saol úd againne nach bhfuil anois ann.
Ó Cúnasa mo shloinne Gaelach, Bónapárt m’ainm, agus is í Éire féin an tírín is dúchas dom. Ní cuimhneach liom go fírinneach an lá a rugadh me ná aon chuid den chéad leathbhliain a chaitheas abhus ar an saol seo, ach gan amhras bhíos i mo bheatha go cinnte san aimsir sin, cé nach bhfuil aon chuimhne agam uirthi, óir ní bheinn anois ann ach go rabhas an uair sin ann, agus is de réir a chéile a thig ciall don duine ach a oiread le gach créatúr eile.
An oíche roimh an chéad lá breithe dom is amhlaidh a bhí m’athairse agus Máirtín Ó Bánasa ina suí ar mhullach chró na gcearc ag breathnú na spéire dóibh, ag faire ar an uain, agus fós ag caint le chéile go macánta cneasta ar dheacrachtaí an tsaoil.
‘Muise, a Mháirtín,’ a dúirt m’athair, ‘tá an ghaoth aduaidh agus tá cruth doicheallach ar na Beanna Bána; beidh fearthainn ann roimh mhaidin agus beidh oíche shalach dhoineanta againn a chuirfeas creathadh orainn más sa leaba féin dúinn. Agus féach gurb olc an tuar é go bhfuil na lachain i measc na neantóg. Tiocfaidh uafás agus mí-ádh ar an saol anocht agus beidh an drochrud agus an cat mara ar a bhonnaí le linn an dorchadais, agus más fíor dom ní bheidh aon dea-chinniúint romhainn araon go deo.’
‘Muise, a Mhicheálangaló,’ arsa Máirtín Ó Bánasa, ‘ní beag le rá an oiread sin atá ráite agat, agus más fíor duit ní bréag atá inste agat ach an fhírinne féin.’
I lár na hoíche sin is ea a rugadh mise i dtóin an tí. Ní raibh aon choinne ag m’athair liom óir duine cneasta a bhí ann, agus ní go róchruinn a thuig sé cúrsaí an tsaoil. Chuir mo chloigeann beag maol a oiread iontais air gur beag nár fhág an saol ar an bponc céanna ar bhuail mise isteach ann, agus más ea, ba thubaisteach íospartach dó nár fhág mar nach raibh aige go deo tar éis na hoíche sin ach an t-anró i gcónaí, é á mhilleadh agus á shracadh ag an saol agus gan aon tsláinte aon lá dá bheo aige ach go háirithe. Dúirt na daoine freisin nach raibh aon choinne ag mo mháthair liom, agus ina theannta sin is fírinneach go raibh sé ráite os íseal nach le mo mháthair a rugadh mé ach le bean éigin eile. Ach ní raibh sa mhéid sin ach caint na gcomharsan, agus níl aon teacht suas uirthi anois mar chaint de brí go bhfuil na comharsana go léir caillte ón saol, agus ‘mar ná beidh ár leithéidí arís ann.’ Níor leagas súil ar m’athair go raibh mé mór fásta, ach is scéal eile an scéal sin agus lá eile dom á insint sa scríbhinn seo thíos.
Is in iarthar na hÉireann a rugadh mé an oíche uafásach geimhridh sin – slán sábháilte go raibh sinn uilig – sa dúiche ar a dtugtar Corca Dhorcha agus ar an mbaile tíre ar a dtugtar Lios na bPráiscín. Bhíos an-óg nuair a rugadh mé, gan aon aois (fiú amháin lá féin) slán agam; go ceann leathbhliana níor shonraíos ní ar bith mórthimpeall orm agus níor aithníos na daoine thar a chéile. Ach tig an chiall agus an tuiscint go réidh socair formhothaithe in intinn an uile chréatúir, agus tar éis an bhliain sin a chur díom ar chlár mo dhroma is amhlaidh a bhí mo shúile ag broidearnaigh thall is abhus ar fud mo mhórthimpeallachta. D’airíos mo mháthair romham sa teach, bean leathan lách mhórchnámhach, bean thostach chrosta ardbhrollaigh. Is annamh a labhair sí liom agus is minic a bhuail sí go géar mé toisc a bheith ag béiceach i dtóin an tí, ach ba bheag leigheas é an bualadh ar an gclampar, mar gur mhó i bhfad an dara clampar ná an chéad cheann agus má fuair mé athbhualadh ar mhullach an chinn eile ba mhó ná ceachtar acu an treas clampar agam. Ach bhí mo mháthair céillí stuama dea-bhiata agus is cinnte nach mbeidh a samhailt arís ann. Chaith sí a saol ag glanadh amach an tí, ag scuabadh aoileach eallaigh agus muc ó bhéal dorais, ag maistreadh agus ag bleán bó, ag fíodóireacht, ag cardáil olla agus ag casadh an tuirne, ag guí, ag eascainí, agus ag cur síos tinte móra le lán an tí de phrátaí a bhruith in aghaidh lae an ghorta.
Bhí duine eile romham sa teach, seanduine cam cromtha a bhí ar mhaide, dhá thrian dá ghnúis agus lán a bhrollaigh gan aon radharc orthu mar go raibh féasóg fhiáin olannliath sa bhealach ann: an pháirt bheag dá aghaidh a bhí slán ón bhfionnadh sin, bhí sí donn righin rocach ar chuma leathair agus bhí dhá shúil ghéara chneasta inti a bhreathnaigh amach le faobhar snáthaide ar an saol. Níor chuala aon ainm riamh air ach an Seanduine Liath. Bhíodh sé ina chónaí sa teach againn agus ba mhinic nach raibh sé féin agus mo mháthair ar aon intinn, agus by dad ba dhochreidte an oiread prátaí a d’itheadh sé, an oiread cainte a bheireadh sé uaidh, agus a laghad oibre a dhéanadh sé faoin teach. I m’óige dom i dtosach cheapas gurbh é m’athair é. Is cuimhin liom oíche i mo shuí ina chuideachta, an dís againn ag faire go suaimhneach ar mhorc dhearg na tine, corcán chomh mór le bairille de phrátaí á bheiriú uirthi ag mo mháthair le haghaidh na muc; ise féin go ciúin thiar i dtóin an tí. Is amhlaidh a bhí teas na tine do mo róstadh ach ní raibh aon tsiúl agam san am agus gan slí agam éalú on teas as mo stuaimín féinig. Chaoch an Seanduine súil orm, agus dúirt:
‘Tá sé te, a mhic.’
‘Tá róbhrothall sa tine sin go fírinneach,’ arsa mise á fhreagairt, ‘ach féach gur thug tú mac orm den chéad uair duit, a dhuine uasail. Ní miste a rá gur tusa m’athair agus go bhfuil mise agat mar dhuine clainne, slán mar a n-instear é agus i bhfad uainn an drochrud.’
‘Ní fíor duit, a Bhónapáirt,’ ar seisean, ‘ach mise mar athair mór agat. Tá d’athair i bhfad ó bhaile san am seo, ach is é ainm agus sloinne dó san áit ina bhfuil sé Micheálangaló Ó Cúnasa.’
‘Agus cá bhfuil sé?’
‘Tá sé sa chrúiscín,’ arsa an Seanduine.
Ní rabhas ach i dtrátha an deichiú míosa beatha agus ní dúirt mé aon ní an