PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
The guards are after you, tá na gardaí ar do lorg.
The alternate action of sun and rain, lorg na gréine agus na báistí ceann i ndiaidh an chinn eile.
Ven: Blazing scent, boladh m, lorg m, úr.
To brand sth. on s.o.'s memory, lorg ruda a fhágáil ar intinn duine.
It has burnt into my mind, d'fhág sé a lorg dóite i mo chroí.
To crave s.o.'s pardon, pardún duine a iarraidh, a lorg.
F: Cab on the crawl, cab ag fálróid (ar lorg paisinéirí).
To dive for pearls, dul faoi loch ar lorg péarlaí,
He hasn't a dog's chance of it, tá sé chomh maith dhó sneachta a chaitheamh ar a lorg.
He took John as an example, lean sé lorg Sheáin; rinne sé eiseamláir de Sheán.
Following the example of . . ., ag leanúint loirg ...
To feel (about) for sth., to feel after sth., bheith ag smúrthacht ar lorg ruda.
He was feeling in his pocket for it, bhí sé ag saibhseáil ina phóca á lorg.
I went to find a doctor, chuas ag lorg dochtúra.
He writes a first-class fist, tá lorg breá láimhe aige.
To follow in s.o.'s footsteps, lorg duine a leanúint.
To follow, tread, walk, in s.o.'s footsteps, lorg duine a leanúint.
To fumble for words, bheith ag lorg na bhfocal.
He writes a good hand, tá lorg maith láimhe aige.
That is his handiwork, sin lorg a láimhe; sin a chuid oibre.
I recognised his handwriting, d'aithin mé lorg a láimhe.
Ven: Hot on the trail, on the scent, géar ar an lorg.
To go house-hunting, dul a chuardach, ar lorg, tí.
Impress of the fingers, lorg na méar.
Sand imprinted with footmarks, gaineamh agus lorg, rian, cos ann.
To investigate a crime, lorg coire a chur.
To look round for s.o., breathnú timpeall ar lorg duine.
It bears the mark of truth, tá lorg na fírinne air.
Mark of a blow, lorg buille.
Marks of old age, lorg na mblianta.
To leave one's mark upon sth., do rian, lorg do láimhe, a fhágáil ar rud.
The mark of a foot, lorg coise.
Min: To mine (for) coal, tochailt ar lorg guail.
Pack in eager, hot, pursuit, conairt go géar ar lorg.
In pursuit of happiness, ar lorg, ar thóir (sonais).
In pursuit of knowledge, ar lorg eolais, ag iarraidh eolais.
To go in quest of s.o., dul ar lorg, ar thuairisc (duine).
To request permission to do sth., cead a iarraidh, a lorg, rud a dhéanamh.
Book that bears the seal of genius, leabhar a bhfuil lorg na hardéirime air.
In search of sth., ar lorg ruda, ag iarraidh ruda.
To search for sth., rud a chuardach, a lorg.
To go and seek s.o., dul ar lorg duine.
She sank by the bow, chuaigh sí faoi ar lorg a tosaigh.
To solicit votes, vótaí a lorg, a thóraíocht.
To trace sth, back to its source, lorg ruda a chur siar go bun.
He bears the stamp of poverty, tá lorg na bochtaineachta air.
To stamp sth. on the mind, lorg ruda a bhualadh (go daingean) ar an intinn.
(Of ship) She sank stern foremost, chuaigh sí síos ar lorg a deiridh.
To sue for peace, síocháin a lorg.