EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
up1 . I adv. 1 a (Motion) Suas, in airde; (from below) aníos. To go up, dul suas. To come up, teacht aníos. Up went his stick, d'ardaigh sé a bhata. My room is three flights up, tá mo sheomra trí staighre in airde; ar an tríú hurlár atá mo sheomra. To throw sth. up (in the air), rud a chaitheamh in airde (san aer). To jump up, éirí de chothrom talún. All the way up, i rith an bhealaigh go barr. Half-way up, leath bealaigh suas, aníos. S.a. HAND1 1 b To walk up and down, siúl anonn agus anall, suas síos. To go up north, dul síos go dtí an tuaisceart. To go up to town, up to Dublin, dul isteach go dtí an baile mór, suas go Baile Átha Cliath, suas chun na cathrach. To go up to the university, dul chun na hollscoile. To go up for an examination, dul isteach ar scrúdú. c Nau: Hard up with the helm! cuir chun na gaoithe í! d From five pounds up, ó chúig phunt suas. From my youth up, ó aois m'óige i leith, anuas. 2 a (Position) Thuas. What are you doing up there? cad tá tú a dhéanamh thuas ansin? Up above, thuas, thuas in airde. Up above the door, os cionn an dorais. The moon is up, tá an ghealach ina suí, ar an aer. Bill: Game of a hundred up, cluiche m céid. The blinds are up, tá na dallóga tógtha. The shops had their shutters up, bhí na comhlaí ar fhuinneoga na siopaí. Turf: 'Airgead Síos' with Blake up, Airgead Síos agus an Blácach sa diallait. The tide is up, tá sé ina lán mhara. 'Road up', 'bóthar á dheisiú'. b Face up, barr, aghaidh, in airde. (On packing cases) This side up, an taobh seo in airde. c Up in Dublin, (thuas) i mBaile Átha Cliath. Relations up from Galway, gaolta aniar as Gaillimh. 3 a Flour is going up in price, tá an plúr ag éirí, ag ardú, ag daoirsiú. The thermometer is up, tá an teirmiméadar ardaithe. One game, goal, up, cluiche, báire, chun tosaigh. F: One up for you! is leatsa an chúig sin! b To screw up, (bís, etc.) a theannadh. Mch: Steam is up, tá gal fúithi. His blood was up, bhí sé tógtha. c He is well up in Latin, tá sé an-oilte ar an Laidin. d (Intensive) They praised him up, mhol siad go hard é. To speak up, labhairt go hard; labhairt amach. Sing up! croch suas é! 4 Put it close up to the other one, fág le taobh an chinn eile é. He followed me up, bhí sé sna sála agam. To be up with sth., s.o., bheith cothrom le rud, le duine. He came up with me, tháinig sé aníos liom. 5 a To get up, éirí (as an leaba, i do sheasamh). To sit up in bed, éirí aniar sa leaba. He is up and about again, tá sé ar a chois arís; tá sé isteach is amach arís. Let us be up and doing, téimis i gceann ár gcuid oibre. Hold yourself up! coinnigh díreach tú féin! b To be up, bheith i do shuí. I was up till midnight, bhí mé i mo shuí go meán oíche. To be up all night, suí go maidin. To stay, wait, up, fanacht i do shuí. c You are up against a strong man, tá fear láidir os do choinne; tá tú i dtreis le fear láidir. You are up against difficulties, tá bealach aimhréidh romhat. F: He is up against it, tá a shá os a choinne. 6 a To stir up sediment, an dríodar a chorraí, a shuaitheadh. To be up in arms, in revolt, bheith i gceannairc. b F: What's up? cad tá ar cois? cad tá cearr? There is something up, tá rud éigin ar cois, cearr. What's up with you? cad tá ort? 7 Time is up, tá an t-am istigh. His time is up, tá a théarma istigh aige. His leave is up, tá a shaoire caite. F: The game is up, it's all up, tá an cluiche caillte. It's all up with him, tá a chosa nite; tá a phort seinnte. I thought it was all up with me, shíleas go rabhas réidh, go raibh deireadh liom. 8 Up to. a They advanced up to the walls of the city, tháinig siad aníos go, go dtí, ballaí na cathrach. To go up to s.o., dul chuig, go dtí, duine. She blushed up to the ears, dhearg sí go bun na gcluas. I am up to you, tá tú gafa agam. S.a. NECK 1. b Up to now, go dtí anois. Up to this day, go dtí an lá atá inniu ann. Up to £500, suas, chomh hard, le cúig chéad punt. He lives up to his income, caitheann sé a bhfaigheann sé. c F: She is up to anything, níl a dhath mór aici. To be up to a job, bheith in ann go maith chuig obair. I don't feel up to it, níl uchtach agam a ghabháil ina cheann. To be up to s.o.'s tricks, bheith inchomhraic le duine. I know what they are up to, tá a fhios agam cad atá fúthu. d What is he up to? cad atá ar bun aige? cén fuadar atá faoi? He is up to something, tá cleas éigin ar na díslí aige. e F: It is up to you, ar do chrann a tháinig. It is up to you to try, is é is lú is gann duit a thriail. II ► up, prep. Suas. 1 To go up the hill, stairs, dul suas an cnoc, an staighre. The cat is up the tree, tá an cat in airde sa chrann. 2 a Up the river, suas an abhainn. Further up the street, níos faide suas an tsráid. He was walking up and down, bhí sé ag spaisteoireacht suas síos. b Up the garden, (i) go bun an gharraí; (ii) ag bun, ceann, an gharraí. S.a. COUNTRY 1, STAGE1 2. III ► up, attrib.a. Up motion, gluaiseacht suas, aníos. Rail: Up line, líne f chun na cathrach. IV ► up, s. Ups and downs, ardáin agus ísleáin (sa talamh). He has his ups and downs, bíonn sé thuas seal agus thíos seal. F: The ups and downs of life, cora mpl an tsaoil. A life of ups and downs, F: lá sách agus lá seang.
up2, 1 v.tr. a To up the swans, na healaí a locadh (lena marcáil). b Ardaím, crochaim (bata, etc.). 2 v.i. F: He ups with his stick, crochann, tógann, sé a bhata.
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To take up one's abode in the country, dul a chónaí sa tuaith.
He acted up to his principles, rinne sé beart de réir a bhriathair.
To act (up)on the brain, gníomhú ar, dul i gcion ar, an inchinn.
To add (up, together) ten numbers, deich n-uimhir a shuimiú.
(Passive use) His debts add up to a thousand pounds, tá míle punt d'fhiacha air idir an t-iomlán.
v.i. & pr.To adventure (oneself) (up)on an undertaking, dul i bhfiontar le gnó.
F: I ran up against him, casadh orm de thaisme é.
It shows up against the white background, tá sé an-soiléir ar an urlár bán.
(Up) to the amount of twenty pounds, a fhad le fiche punt.
To take up arms, dul chun comhraic.
They took up arms against the government, chuaigh siad i ndeabhaidh lainne leis an rialtas.
To give up the attempt, éirí as an iarracht.
To put sth. up to, for, auction, rud a chin ar ceant, a cheantáil; ceant a chur ar rud.
He stood up automatically, d'éirigh sé ina sheasamh gan smaoineamh air féin, gan fhios dó féin.
It averages (up to) this much, tagann sé a fhad leis an méid seo, tríd agus tríd.
The cat set up its back, tháinig colg ar an gcat.
You get his back up, cuireann tú colg air.
He got his back up, tháinig stuaic air.
To back (up) s.o., sth., seasamh le duine, le rud; tacaíocht a thabhairt do dhuine, do rud.
He packed up bag and baggage, bhailigh sé leis, é féin is a raibh aige.
I bag (up) sth., cuirim, sacaim, rud isteach i mála.
To bank up, móta m, carnán m, a dhéanamh de (chréafóg, shneachta).
Mch: To bank (up) fires, tinte a choigilt.
To put up, publish, the banns, pósadh a fhógairt.
You are barking up the wrong tree, tá an diallait ar an gcapall contráilte agat.
Army drawn up in battle array, arm faoi eagar catha.
v.i.To bear up against pain, pian a fhulaingt go cróga.
To bear up against, under, misfortune, an fód a sheasamh in aghaidh na tubaiste; cruachan in aghaidh na hanachaine.
Bear up! misneach! bíodh uchtach agat!
To beat up eggs, cream, uibheacha, uachtar, a bhualadh, a choipeadh.
To beat up game, fiach a rúscadh.
To beat up s.o., greasáil a thabhairt do dhuine.
v.i.Nau: To beat up, luí isteach le talamh, imeacht le cloch.
To beat up to windward, dul chun na gaoithe, bualadh chuige.
To bed (up, down) the horses, easair a chur faoi na capaill.
He came up from below, tháinig sé aníos. S.a. DOWN3 I 2
I’ll take (up) your bet, cuirfidh mé leat. S.a. EVEN2 3.
He blazed up, tháinig lasair feirge ann.
He blazed up at the mention of it, chuaigh sé le buile chomh luath agus tráchtadh air.
His blood was up, bhí sé an-tógtha.
It is blowing up for rain, tá géarbhach báistí ann.
To blow (up) the fire, an tine a shéideadh.
It is blowing up for a gale, tá roisteacha gaoithe móire air.
Blown up with pride, i mborr le bród.
F: To blow s.o. up, leadhbairt den teanga a thabhairt do dhuine.
To bob up again, teacht ar ais ar uachtar.
To bolster s.o. up, (i) adhairt a chur faoi cheann duine; (ii) F: clú duine a shábháil; tacaíocht a dhéanamh le duine.
To botch up sth., cóiriú scrábach, maolscríobach, a dhéanamh ar rud.
To bottle up a fleet, cabhlach a chur i sáinn.
To bottle up one's anger, greim a choinneáil ar d'fhearg.