Henryk Sienkiewicz
Cuma
Scríbhneoir clasaiceach Polannach ab ea Henryk Adam Aleksander Pius Sienkiewicz, nó Litwos, a saolaíodh i Wola Okrzejska ar an 5 Bealtaine 1846 agus a fuair bás i Vevey, an Eilvéis, ar an 15 Samhain 1916.[1]
Bhí an-ráchairt ar a chuid scríbhinní timpeall ar chasadh an chéid. Bronnadh Duais Nobel na Litríochta air sa bhliain 1905.
Bhí máistreacht aige ar an urscéal stairiúil agus eipiciúil. Is fearr aithne ar an leabhar, Quo Vadis nó "Cá bhfuil do thriall?" (1896).[3] Galar corónach croí ba thrúig bháis dó ar an 15 Samhain 1916 (in aois 70 dó) i Vevey, san Eilvéis.
Saothar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Úrscéalta
[cuir in eagar | athraigh foinse]An tríológ stairiúil (Trylogia):
- Ogniem i mieczem ("Le tine is le claíomh", 1884)
- Potop ("An Tuile", 1886)
- Pan Wołodyjowski ("An tUasal Wołodyjowski", 1888)
Úrscéalta eile:
- 1891 Bez dogmatu ("Gan dogma")
- 1894 Rodzina Połanieckich ("Muintir Połaniecki")
- 1896 Quo vadis ("Cá bhfuil do thriall")
- 1900 Krzyżacy ("Na Crosáidirí")
- 1906 Na polu chwały ("I Machaire an Áir")
- 1910 Wiry
- 1912 W pustyni i w puszczy
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Henryk Sienkiewicz" (en). Culture.pl. Dáta rochtana: 2020-11-15.
- ↑ "Muzeum Henryka Sienkiewicza w Oblęgorku" (as pl) (2020-03-07). Wikipedia, wolna encyklopedia.
- ↑ "Quo Vadis (novel)" (as en) (2020-10-27). Wikipedia.