Antaiginí leocaicíte daonna
Cuma
Antaiginí a fuarthas ar dtús ar dhromchla cealla bána fola (leocaicítí) daonna, ach is eol anois go bhfuil siad ar na cealla uile núicléatacha, pláitíní is limficítí (HLA i mBéarla). Tá níos mó ná 100 antaigin difriúil ann, agus bíonn a chomhlánú ar leith ag gach duine. Faightear le hoidhreacht iad ón mbeirt tuismitheoirí, agus ní bhíonn an patrún céanna HLA ach ag cúplaí comhionanna. Tháinig a dtábhacht chun solais ar dtús i réamhinsint toradh trasphlandú orgáin, ach tuigtear anois go bhfuil baint láidir idir HLA is claonadh chun galar ar leith, galair uath-imdhíonachta go háirithe.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Antaiginí leocaicíte daonna". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 41.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |