Bolg (réalteolaíocht)
Dlúthshaithe ollmhór réaltaí is ea bolg. Baineann an téarma leis an gcomhchruinniú lárnach réaltaí atá le fáil sa chuid is mó de na réaltraí bíseacha. Tá sainmhínithe difriúla ann:[1][2]
- an chuid de réaltra dioscach atá ag borradh ina lár, má bhreathnaítear ón gciumhais air (moirfeolaíocht)
- solas breise i lár an réaltra (fótaiméadracht)
- ionad na rinne ar léaráid éilipseach (léaraíd Binney) (cinéimitic)
De réir rangú Hubble, tá bolg na réaltraí SA (gan bharraí) déanta de ghnáth de sheanréaltaí dearga (pobal II) nach bhfuil mórán miotail iontu. I réaltraí eile (SC agus SBc) tá na boilg i bhfad níos lú agus tá siad déanta de réaltaí óga gorma (pobal I). Tá na hairíonna céanna ag cuid acu is atá ag réaltraí éilipseacha (cé nach bhfuil siad chomh lonrach ná chomh mór). Tá cuma ar chuid eile nach bhfuil iontu ach dlúthlár dioscaí agus na hairíonna céanna acu is atá ag réaltraí dioscacha.
Síltear go bhfuil dúpholl ollmhór le fáil i lár a lán bolg. Ní bhfuarthas amharc díreach ar a leithéid riamh, ach tá fianaise indíreach ann. Tá comhghaolmhaireacht dhlúth idir mais an dúphoill agus spré treoluais na réaltaí sa bholg: an coibhneas M-sigma.