Ceamara frithchaithimh aonlionsa
Cuma
Ceamara ina dtaispeántar íomhá an radhairc a bhfuil grianghraf á dhéanamh de trí scáthán ar scáileán lorgán radhairc. I gceamara frithchaithimh aonlionsa (SLR) bíonn an scáthán ag 45° taobh thiar de lionsa an cheamara, agus castar i leataobh é go huathoibríoch díreach roimh an nochtadh. I gceamara athfhillteach délionsa bíonn dhá lionsa chomhoiriúnaithe is iad cúpláilte i gcomhair fócasaithe, ceann amháin don lorgán radhairc, agus an ceann eile don chomhla is an spiara sa bhfíorcheamara.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Ceamara frithchaithimh aonlionsa". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 124.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |