Ceol na Síne
Cuma
Ceol an-ársa le gléasanna sainiúla éagsúla. Mar shampla, is seanghléasanna an cin, ar saghas siotáir é, is fliúit bambú an dísí, agus is liút piorra-chruthach an píopa. Go dtí 1911 ba thraidisiún béil den chuid is mó ceol na Síne, bíodh is go raibh córais nodaireachta ann leis na céadta bliain. Bhíodh ceol sa chúirt is ceoldrámaí sna hamharclanna ar feadh i bhfad, agus bhí ceoldráma Bhéising lárnach i gceol is cultúr na tíre ón 17ú céad.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Ceol na Síne". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 130.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |