Faisal I na hIaráice
Ba rí é Faisal I bin Al–Hussein Ali Al-Hashemi (Araibis:فيصل الأول بن الحسين بن علي الهاشمي, Faysal el - Evvel bin al - Îusayn bin Alī el - Hâşimî; 20 Bealtaine 1885 [1][2][3] – 8 Meán Fómhair 1933) ar an Ríocht Arabach na Siria nó na Mór-Shiria sa bhliain 1920, agus bhí sé ina Rí na hIaráice ó 23 Lúnasa 1921 go dtí a bhás. Ba é an tríú mac le Hussein bin Ali, an Éimír Mhór agus Sharif Mheice, a fógraíodh ina Rí na nArabach i Meitheamh 1916 .
Shíolraigh sé go díreach ó Mhahamad agus é ina 38ú - ghlúin den sliocht, mar a bhain sé leis an teaghlach Haisimíteach
Chothaigh Faisal aontacht idir Moslamaigh Sunnaíocha agus Siacha chun dílseacht choiteann a spreagadh agus pan- Arabachas a chur chun cinn agus rún aige stát Arabach a chruthú a chuimseodh an Iaráic, an tSiria agus an chuid eile den Chorrán Torthúil. Le linn dó a bheith i gcumhacht, rinne Faisal iarracht a riarachán a éagsúlú trí ghrúpaí éagsúla eitneacha agus reiligiúnacha a chur san áireamh in oifigí. Mar sin féin, d’fhéadfadh gur chuir iarracht Faisal ar an náisiúnachas Pan-Arabach le haonrú grúpaí áirithe.
Luathshaol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Faisal i Meice, an Impireacht Otamánach [4] (san Araib Shádach an lae inniu), sa bhliain 1885,[2] an tríú mac le Hussein bin Ali, Ard-Sharif Mheice . D’fhás sé aníos in Iostanbúl agus d’fhoghlaim sé faoi cheannaireacht óna athair. Sa bhliain 1913, toghadh é mar ionadaí do chathair Jeddah don Pharlaimint Ottomanach.
Tar éis don Impireacht Ottomanach cogadh a fhógairt i gcoinne an Entente i mí na Nollag 1914, chuir athair Faisal é ar mhisean go Cathair Chonstaintín é chun iarratas na nOtamánach ar rannpháirtíocht Arabach sa chogadh a phlé. Ar an mbealach thug Faisal cuairt ar an Damaisc agus bhuail sé le hionadaithe ó chumainn rúnda Arabacha al-Fatat agus Al-'Ahd. Tar éis cuairt a thabhairt ar Chathair Chonstaintín d’fhill sé go Meice tríd an Damaisc áit ar bhuail sé arís leis na cumainn rúnda Arabacha, fuair sé Prótacal na Damaisce, agus chuaigh sé i gcomhar le grúpa Al-Fatat de náisiúnaithe Arabacha.
An Chéad Chogadh Domhanda agus Éirí Amach Mór na nArabach
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ “rulers.org”. rulers.org. Dáta rochtana: 2 January 2012.
- ↑ 2.0 2.1 “britannica.com”. britannica.com (8 September 1933). Dáta rochtana: 2 January 2012.
- ↑ Allawi (2014). "Faisal I of Iraq". Yale University Press. ISBN 9780300127324.
- ↑ britannica.com