Hamstar
Cuma
Cricetinae | |
---|---|
hamstar buí | |
Tacsanomaíocht | |
Aicme | Mammalia |
Ord | Rodentia |
Fine | Muridae |
Fofhine | Cricetinae G.Fisch.Waldh., 1817 |
Ainmníocht | |
Bunlitriú | Cricetini |
Creimire beag le heireaball gearr is cluasa móra. Stórálann sé bia i málaí taobh istigh dá leicne. Cónaíonn sé i bpoll.
Déanann sé cumarsáid le fuaim ardmhinicíochta. Is peata coitianta gné amháin, an hamstar órga.
Meastar gur de shliocht clainne amháin, máthair is a hál de 12 a tochlaíodh as a bpoll in Aleppo na Siria i 1930, gach hamstar órga baile ar Domhan anois.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Hamstar". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 340.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol ainmhí é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |