Jump to content

Idirdhealú dearfach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
agóid in aghaidh cuótaí, Ollscoil Michigan, 2006

Is éard is idirdhealú dearfach[1] ann ná chóir fhabhrach, a bhfuil d’aidhm leis comhionannas deiseanna a chur chun cinn do dhaoine faoi mhíbhuntáiste (mar shampla, cuótaí). Is polasaí nó beartas é chun freastal ar riachtanais speisialta daoine nó catagóir daoine a dteastódh áiseanna, socruithe, seirbhísí nó cúnamh uathu mar gheall ar a gcúinsí pearsanta.[2]

Tá beartanna de shaghas idirdhealú dearfach i bhfad níos coitianta sna Stáit Aontaithe ná san Eoraip, áit a mbíonn an gníomhaíocht dhearfach curtha in iúl go minic.[3] Is lú i bhfad an chonspóid a bhaineann le gníomhaíocht dhearfach, mar níl aon iallach ag baint leis de ghnáth, ach is beag éifeacht a bhíonn aige b'fhéidir.

Cuirtear na polasaithe nó beartais seo i bhfeidhm i dtíortha éagsúla ar mhaithe le grúpaí mionlaigh, imeallaithe, nó daoine faoi mhíbhuntáiste.[4][5][6][7][8] Go stairiúil agus go hidirnáisiúnta, tugtar tacaíocht don idirdhealú dearfach toisc go gcreidtear go gcabhraíonn sé le grúpaí imeallaithe cothrom na Féinne a bhaint amach (mar shampla i gcúrsaí fostaíochta agus oideachais). Cuireann beartais den saghas seo an éagsúlacht chun cinn, agus tugann sé buntáistí do bhaill de na grúpaí seo mar chúiteamh ar éagóracha a bhí déanta orthu.

Faightear polasaithe difriúla ó áit go háit. I dtíortha áirithe, baintear úsáid as cuótaí chun céatadán áirithe de phostanna státseirbhíse, ceapacháin pholaitíochta, agus folúntais scoile a choinneáil do bhaill de ghrúpaí imeallaithe. Is é seo an polasaí san India, mar shampla, faoin chóras áirithinte.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. i mBéarla, affirmative action
  2. IHREC.ie. "Cearta an Duine agus Comhionannas i soláthar earraí agus seirbhísí : míniú" (ga-IE). Dáta rochtana: 2024-09-09.
  3. "Positive Action vs Positive Discrimination" (en-GB). Michael Mauro. Dáta rochtana: 2024-09-09.
  4. “idirdhealú dearfach” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-03-17.
  5. Jarrett, Tim (24 Deireadh Fómhair 2011). “The Equality Act 2010 and positive action”. UK Parliament. Dáta rochtana: 31 Márta 2023.
  6. Jenkins (2017-08-08). “Affirmative action around the world” (en-US). The Conversation. Dáta rochtana: 2024-02-20.
  7. Reservation Is About Adequate Representation, Not Poverty Eradication”. The Wire. Dáta rochtana: 2024-02-20.
  8. UNESCO IIEP (2021). “Flexible learning pathways in Finnish higher education”. UNESCO. Dáta rochtana: 2024-02-20.