Inneall dócháin inmheánaigh
Is é an t-inneall dócháin inmheánaigh (Pléascinneall an focal bunaidh a bhí air i nGaeilge) an t-inneall comhbhuailteach is coitianta i ngluaisteáin.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an t-inneall bunaithe ar chiogal Otto nó ciogal Diesel ina ndóitear breosla chun an fuinneamh tiomána a sholáthar[1]. Ba iad beirt Ghearmánach, Nikolaus Otto agus Rudolf Diesel, a dhréachtaigh an t-inneall ceithre bhuille. Soláthraítear fuinneamh tiomána le breosla a dhó san inneall.
Oibriú
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá cuasán san inneall le loine inghluaiste. Instealltar meascán indóite sa chuasán, adhantar le spréach leictreach é agus dóitear de phléasc é. Ansin forbraíonn an gás sa chuasán, gluaiseann an loine amach, baintear an meascán ídithe gáis amach as agus gluaiseann an loine isteach arís.
Déantar an ciogal seo arís is arís eile.
In inneall dhá bhuille, gluaiseann an loine isteach is amach uair amháin i ngach ciogal den imoibriú sa chuasán;
in inneall 4 bhuille, gluaiseann sí isteach is amach dhá uair i gciogal amháin an imoibrithe sa chuasán, de bhrí go nglantar an gás ídithe amach as an gcuasán sa dara leath den timthriall.
San inneall peitril, adhantar an meascán de pheitreal is aer (le hocsaigin ann) le spréach sa spréachbheama.
In inneall díosail, brúitear an meascán ag an loine sa chuasán an oiread sin go dtéitear a dhóthain é chun é a adhaint. Faightear cumhacht ón inneall ó ghluaiseacht na loine a úsáidtear chun rothaí a thiomáint.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt - Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011)
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |