Kirstie Alley
B'aisteoir Meiriceánach í Kirstie Louise Alley (12 Eanáir, 1951 in Wichita, Kansas - 5 Nollaig 2022).
Rugadh Kirstie Alley. Bhí sí sa tsraith scannán Look Who's Talking le John Travolta agus Bruce Willis, chomh maith leis na scannáin Star Trek II: The Wrath of Khan, Champions agus Village of the Damned.[1]
Is fearr aithne ar Alley as a cuid oibre ar an gclár grinn Cheers, a chraoltaí ar NBC. Rinne sise páirt Rebecca Howe idir 1987 agus 1991. Bronnadh gradaim teilifíse éagsúla as an obair sin.
Sa bhliain 2018, tháinig Alley sa dara háit ar Celebrity Big Brother 22.
Bás
[cuir in eagar | athraigh foinse]Fuair sí bás le hailse ar 5 Nollaig 2022. Bhí sí 71 bliain d'aois. Bhí beirt leanaí aici, William True agus Lillie. I ráiteas a chuir a teaghlach ar na meáin shóisialta ag an am, cuireadh síos uirthi mar mháthair iontach, a thugadh aire na huibhe dá clann i gcónaí.[1]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 Nuacht RTE (2022-12-06). "An t-aisteoir Meiriceánach Kirstie Alley básaithe ag 71" (as ga-IE).