Laurence Sterne
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 24 Samhain 1713 Cluain Meala |
Bás | 18 Márta 1768 54 bliana d'aois Londain, England |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Eitinn) |
Áit adhlactha | Coxwold |
Biocáire Coxwold | |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Anglacánachas |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste Íosa, Cambridge Hipperholme Grammar School (en) |
Gníomhaíocht | |
Gairm | scríbhneoir, dírbheathaisnéisí, úrscéalaí, duine rialta |
Ainm cleite | Yorick |
Teangacha | Béarla |
Saothar | |
Saothar suntasach | |
Teaghlach | |
Céile | Elizabeth Lumley |
Scríbhneoir Angla-Éireannach agus ministir Anglacánach ab ea Laurence Sterne (24 Samhain 1713 – 18 Márta 1768). Rugadh é ar an 24 Samhain 1713 i gCluain Meala.
Bhí baint aige le cúrsaí polaitíochta in Yorkshire Theas sna 1740idí. Scríobh sé faoi sa leabhar A Political Romance (1759).
Foilsíodh an chéad agus an dara imleabhair de The Life and Opinions of Tristram Shandy, Gentleman sa bhliain 1759.
Is cineál bildungsroman é an t-úrscéal "Tristam Shandy"; tugann Tristam féin cur síos greannmhar agus bríomhar ar a bhfaca sé. Is sa bhliain 1767 a foilsíodh an imleabhar deireanach de (iml. 3 agus 4, 1761; iml. 5 agus 6, 1762; iml. 7 agus 8, 1765; iml. 9, 1767).
D'fhoilsigh Sterne cuid mhaith seanmóra agus scríobh sé a chuimhní cinn. Thaistil Sterne sa Fhrainc agus san Iodáil sa bhliain 1765 agus foilsíodh A Sentimental Journey Through France and Italy i 1768, trí seachtain roimh a bhás.
Tionchar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cailleadh Sterne ar an 18 Márta 1768 i Londain.
Chuidigh Diderot le litríocht, go háirithe le Jacques le fataliste et son maitre (Gaeilge: Jacques an cinniúnaí agus a mháistir), a rinne aithris ar Laurence Sterne ag tabhairt faoi choinbhinsiúin maidir le húrscéalta agus a struchtúr agus a n-ábhar[1].
Bhí tionchar láidir ag Stern ar an úrscéal nua-aimseartha, mar shampla ar James Joyce, Viriginia Woolf srl[2].
Scríobh Séamas Mac Annaidh "Cuaifeach mo lon dubh buí" (Coiscéim 1983): sa chuid lárnach den scéal is féidir a áiteamh gur bildungsroman é, nó léiriú ar aigne ann féin - ar nós Tristam Shandy le Laurence Sterne[3].
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt - Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011)
- ↑ Tom Keymer (13 April 2006). Laurence Sterne's Tristram Shandy: A Casebook. Oxford University Press. p. 14. ISBN 978-0-19-517560-8.
- ↑ http://www.siopa.ie/ga/u-235-seamas_mac_annaidh/u.aspx?id=235&lang=GA