Míochaine chothúcháin
Cuma
Staidéar ar fhachtóirí cothaithe taobh istigh den cholainn chun bealaí a aimsiú le galair a leigheas is an tsláinte a chosaint. Baineann sé le hanailís na gcothuithe féin, fiseolaíocht an díleáite, an ionsúite is na húsáide bithcheimicí. Bunaíonn na cleachtóirí a ndiagnóis ar thástálacha fiseolaíocha ar an gcolainn, agus tástálacha bithcheimiceacha, cosúil le meastacháin ar vitimíní is mianraí. I measc na gcóireálacha ar fhadhbanna mar seo, is féidir uireasa a cheartú le forábhair cothaithe, nó más ag cur le fadhbanna atá bianna ar leith, an cothú a mhodhnú chun iad a sheachaint.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Míochaine chothúcháin". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 459.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |