Nassau, na Bahámaí
Nassau, na Bahámaí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Nassau (en) | |||||
Ainmnithe in ómós | Teaghlach Nassau | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát comhlathais | na Bahámaí | ||||
Ceantar sna Bahámaí | New Providence District (en) | ||||
Príomhchathair de | |||||
Daonra | |||||
Iomlán | 274,400 (2016) | ||||
• Dlús | 1,325.6 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 207 km² | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | an tAigéan Atlantach | ||||
Airde | 34 m | ||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 1695 | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Glaochód | 242 | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | nassauparadiseisland.com |
Príomhchathair Chomhlathas na mBahámaí is ea Nassau. Tá sé suite ar chósta thoir thuaidh an Oileán New Providence, agus tá an chuid is mó den oileán faoi thionchar Nassau anois de bharr fhás agus fhorbairt na cathrach. Tá geilleagar Paradise Island, giota beag soir ó thuaidh ó Nassau, ceangailte go dlúth le Nassau agus 6,000 duine fostaithe ann.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chuir Eorpaigh fúthu san áit ina bhfuil Nassau san 17ú haois. Chuir na Spáinnigh an chéad lonnaíocht le tine sa bhliain 1684. Athbhunaíodh an lonnaíocht arís sa bhliain 1695.
Ní raibh mórán daoine ina gcónaí ann go dtí Cogadh na Saoirse Mheiriceá nuair a thosaigh dílseoirí ag dul a chónaí ann. Thug na mílte díobh go dtí oileáin na mBahámaí le linn agus i ndiaidh an chogaidh úd agus thug siad a gcuid sclábhaithe leo. Chuir a lán de na dílseoirí plandálacha ar siúl ar New Providence.
Tháinig ráth ar na Bahámaí san am sin agus tógadh breis is 2,000 de thithe breátha i Nassau. D'fhág sin a gcló ar ailtireacht Nassau go dtí an lá atá inniu ann. Ghabh na fórsaí Meiriceánacha seilbh ar Nassau ar feadh tamaill ghairid i 1776, agus d'ionsaigh siad an baile arís i 1778.
Tháinig na Spáinnigh an athuair sa bhliain 1782, ach theip orthusan chomh maith. Nuair a chuir na Briotanaigh an sclábhaíocht ar ceal sa bhliain 1807 cuireadh a lán daoine saortha ina gcónaí sna Bahámaí, Nassau san áireamh, mar ar chuir a lán daoine gorma fúthu sna comharsanachtaí intíre, i ndeisceart na cathrach.
Inniu tá 259,300 duine ina gcónaí i Nassau.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |