Jump to content

Ortaipéide

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Logo

Is éard is ortaipéide[1] ann ná brainse den mháinliacht a phléann le gortuithe is neamhoird sa chreatlach, is é sin na cnámha, na hailt, na fíocháin táite, is teannáin na matán gaolmhar. Cuimsíonn sí diagnóisiú is cóireáil bristí is asaltuithe, ceartú míchumaí comhbheirthe is faighte, mínormáltachtaí staidiúire, athailíniú nó athshuíomh alt galraithe nó máchaileach le próistéis shaorga. Soláthraíonn sí cóireáil máinliachta is míochaine i leith ailsí is ionfhabhtuite sna cnámha, agus riochtaí cosúil le tinneas droma, sciaitíce, asaltú ailt idirveirteabraigh, agus neamhoird mheathlúcháin an dromlaigh.[2]

  1. Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): ortaipéide” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-04-30.
  2. Hussey, Matt (2011). "Ortaipéide". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 499.