Jump to content

Peter Fitzpatrick

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaPeter Fitzpatrick

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith11 Bealtaine 1962
62 bliana d'aois
Dún Dealgan, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Teachta Dála
8 Feabhra 2020 –
Téarma parlaiminte: 33ú Dáil

Toghcheantar:

Teachta Dála
10 Márta 2016 – 14 Eanáir 2020 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 32ú Dáil

Toghcheantar:

Teachta Dála
9 Márta 2011 – 3 Feabhra 2016 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 31ú Dáil

Toghcheantar:

Gníomhaíocht
Gairmimreoir peile Gaelaí, polaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaFine Gael Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtpeil Ghaelach Cuir in eagar ar Wikidata

Twitter: PFitzpatrickTD Cuir in eagar ar Wikidata

Is iar-pholaiteoir Éireannach, iarimreoir agus bainisteoir CLG le Contae Lú é Peter Fitzpatrick. Bhí sé ina bhall de Fhine Gael.

2015

Duine aitheanta i gCo Lú ab ea Peter Fitzpatrick sular toghadh riamh é agus chaith sé beagnach trí bliana ina bhainisteoir ar fhoireann peile shinsearach na bhfear idir 2009 agus 2012.[1]

Toghadh Peter Fitzpatrick chun na Dála den chéad uair in 2011, agus an athuair in 2016, nuair a bhí sé ina bhall d'Fhine Gael.

D'éirigh sé as Fine Gael in 2018, áfach, mar gheall ar pholasaí an pháirtí sin faoin nginmhilleadh agus faoin Ochtú Leasú ar an mBunreacht go háirithe.

Toghadh é mar Theachta Dála Neamhspleách san olltoghchán in 2020.

I mí Lúnasa 2024, bhí sé fógartha ag Fitzpatrick nach mbeadh sé ag dul san iomaíocht sa chéad olltoghchán eile. I ráiteas, dúirt sé go raibh sé bródúil as a chuid iarrachtaí sochaí níos trócairí a chruthú agus luaigh sé go sonrach a fheachtas in aghaidh an ghinmhillte.[1]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]