Táinrith Sanaa
| ||||
Cineál | táinrith crowd crush (en) | |||
---|---|---|---|---|
Dáta na bliana | 19 Aibreán 2023 | |||
Suíomh | Old Sana'a, Poblacht Éimin (en) , San’a, Poblacht Éimin | |||
Tír | Poblacht Éimin | |||
Cúis | zakāt (en) | |||
Líon básanna | ≥ 90 ≥ 85 | |||
Líon gortaithe | ≥ 322 | |||
Ar 19 Aibreán 2023 i bpríomhchathair Éimin, Sana'a, maraíodh os cionn nócha duine nuair a bhuail scaoll slua agus thit na daoine i mullach a chéile[1] Tharla an táinrith le linn na féile Ioslamach, Eid al-Fitr, agus Ramadan ag teacht chun deiridh. Tugadh le fios go raibh ceannaithe sa cheantar ag dáileadh airgid ar na boicht.[2] Is traidisiún í in Ioslam aimsir na féile Eid al-Fitr, agus síntiúis láimhe á roinnt ag lucht carthanachta ar na boicht.
Faoi dhíon scoile a bhí an t-airgead á dháileadh ar an slua nuair a tharla an tubaiste. D'fhéach cuid acu imeacht as an scoil ach dealraítear gur leag siad a chéile agus gur shatail siad ar a chéile sa scrimisc. Gabhadh na ceannaithe níos déanaí.
Bhí mná agus páistí i measc na marbh, a dúradh. Gortaíodh barr ar 300 sa bhrútam chomh maith, dar leis na húdaráis sa chathair.
Bhí an saol ina chíor thuathail in Éimin ag an am, de bharr an chogaidh chathartha a bhí ar bun sa tír. Dar leis na Náisiúin Aontaithe, bhí 22 milliún duine – dhá thrian den daonra – fíorbhocht agus i ngátar fóirithinte ón iasacht.[1]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 Nuacht RTÉ (2023-04-20). "85 duine maraithe in ollbhrútam i bpríomhchathair Éimin" (as ga).
- ↑ Reuters (2023-04-20). "Yemen stampede: At least 78 killed in surge for Ramadan donations" (en). Reuters. Dáta rochtana: 2023-04-23.