ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Everything was in confusion, bhí gach uile shórt trína chéile, ar mhuin mhairc a chéile.
The years follow one another, leanann na blianta a chéile, tagann na blianta ar mhuin a chéile.
To go on horseback, dul (ann) ar marcaíocht, ar muin chapaill.
To hoist s.o. on to a horse, cos i dteannta a thabhairt do dhuine agus é ag dul ar mhuin capaill.
To mount, get on, a horse, dul ar mhuin capaill.
On horseback, ar mhuin capaill.
To ride to hounds, éirí amach leis an gconairt (ar muin chapaill).
Room littered with books, seomra a bhfuil leabhair ar mhuin mhairc a chéile i ngach aon chearn de.
To mount (on, upon) a horse, dul ar muin capaill.
On horseback, ar mhuin capaill.
Disaster on disaster, tubaiste ar mhuin tubaiste.
To remount one's horse, dul ar mhuin do chapaill arís.
The newly rich, bacaigh ar muin capaill; na nuamhaoinigh mpl.
To ride on an elephant, dul ar muin eilifinte.
A run of misfortune, mí-ádh ar muin mí-áidh.
F: He would try the patience of a saint, chuirfeadh sé a chiall ar a mhuin d'aingeal.
Not to leave a stone standing, gan cloch a fhágáil ar mhuin cloiche.
Succession of victories, bua ar mhuin bua.
Everything was in a tumble, bhí gach uile shórt trína chéile, ar muin mairc a chéile.
It makes, drives, me wild, cuireann sé mo chiall ar mo mhuin dom.